Am Ploc
Is sráidbhaile suite i gComhairle na Gàidhealtachd in Albain é Am Ploc nó Ploc Loch Aillse (Béarla:Plockton).[1][2] Tá an baile suite in aice le Loch Carrann. Amharcann Am Ploc soir amach ar an bhfarraige, ar shiúl ón phríomhghaoth, agus in éineacht le Síobadh Mór an Atlantaigh tugtar aeráid an-chineálta dó, in ainneoin a dhomhanleithead i bhfad ó thuaidh, rud a fhágann go n-éireoidh go maith leis an speiceas Cordyline australis bheith faoi bhláth anseo.
Am Ploc | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle na Gàidhealtachd | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | IV52 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | plockton.com |
Is iad a chomhordanáidí ná: 57° 20′ 16.84″ Thuaidh agus 5° 39′ 8.32″ Thiar.
An baile
cuir in eagarTógadh an chuid is mó de na tithe san 18ú agus 19ú haois. Is ceantar caomhnaithe é lár na cathrach, thart ar Sràid a' Chala [3] agus Sràid Innes Ba í an iascaireacht an tionscal ba thábhachtaí ag an am sin. Sa lá atá inniu ann tá turasóireacht an-láidir sa bhaile, go príomha toisc gur taifeadadh an tsraith theilifíse Hamish Macbeth le Robert Carlyle anseo agus ghlac go leor daoine ón dúiche páirt ann. Taifeadadh cuid den scannán The Wicker Man (an t-ancaire ag tús an scannáin) agus an Inspector Alleyn Mysteries anseo freisin.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Plockton” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2022-10-23.
- ↑ https://mapcarta.com/N5549703079 Mapcarta
- ↑ Sràid a' Chala, Am Ploc
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |