Raonaid Walker
Amhránaí agus cumadóir Gaelach is ea Raonaid Walker (1976-) (Béarla: Rachel Walker ). Canann sí ina haonar chomh maith le bannaí, leithéidí Cruinn agus Skipinnish. Bhuaigh sí Bonn Òir a' Chomuinn Gàidhealaich sa bhliain 2017.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1976 47/48 bliana d'aois Salisbury, England |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Àrd-Sgoil Ghearrloch Conservatoire Ríoghail na h-Alba |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, amhránaí is scríbhneoir |
Tréimhse oibre | 2004 – |
Fostóir | Colaiste na Gàidhealtachd an Iar |
Ball de | |
Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
Mac/iníon léinn de chuid | Kenna Campbell |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Uirlis | Ceol gutha |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | rachelwalker.co.uk |
Saol
cuir in eagarRugadh Raonaid i Salisbury, Lincolnshire, agus d'aistrigh a muintir go hiarthar Rois nuair a bhí sí ocht mbliana d'aois. Chuaigh sí go Bun-Sgoil Cheann Loch Lù agus Àrd-Sgoil Gheàrrloch áit ar fhoghlaim sí amhráin Ghaeilge agus ceol traidisiúnta.
Ina dhiaidh dhi an scoil a fhágáil, rinne Walker cúrsa sa cheol clasaiceach in Oilthigh Napier.[1] sa bhliain 1996, bhí sí ar dhuine de na chéad oileánaigh ar an gcúrsa nua ar cheol na hAlban ag Conservatoire Rìoghail na h-Alba.(Royal Scottish Academy of Music is Drama mar a bhí). D’fhoghlaim sí amhráin Ghaeilge ansin faoi stiúir an amhránaí iomráiteach Keana Campbell.
Tá sí pósta ar an bpíobaire an bhanna Skipinnish Andrew Stevenson agus tá beirt pháiste acu.
Tá trí albam dá cuid féin aici agus canann sí ar go leor albam eile le banna ceoil agus le tacaíocht amhránaithe eile ar nós Art McCormick. Is léachtóir ceoil í ag " Colaiste na Gàidhealtachd an Iar, áit a bhfuil sí i gceannas ar roinn an cheoil. Múineann sí amhráin Ghaeilge freisin i Sgoil Chiùil na Gàidhealtachd sa Phloc.[2]
Cór
cuir in eagarTá sí ina stiúrthóir ar Chòisir Loch Abar. In éineacht léi, bhuaigh siad "Cuach_Cuimhneachain_Mairead_NicDhonnchaidh" do chóir réigiúnacha trí huaire idir 2015-17 ag an Mód Náisiúnta.
Bannaí ceoil
cuir in eagarTá sí mar chuid den bhanna ceoil, Cruinn. Is minic a oibríonn sí leis an veidhleadóir Archie McAllister.[3]
Cumadóir ceoil
cuir in eagarTá ceol scríofa ag Walker do ghrúpaí ar nós Scotland Sings agus NàdarAlba .
Scríobh sí an t-amhrán 'Fada Bhuam' a rinne ionadaíocht ar Albain ag an gcomórtas amhrán idirnáisiúnta Liet. Sa bhliain 2018, bhí ‘Arms of the Ocean’ singil aici ag uimhir 1 i gcairt íoslódála World Music.
Gradaim
cuir in eagar- 2013 - Amhránaí Gàidhlig na Bliana ag Na Trads .
- 2017 - Bonn Òir a' Chomuinn Ghàidhealaich, ag Mòd Loch Abar.[4]
Dioscliosta
cuir in eagar- Loch Brae (2004)
- Faoi na Réaltaí (2006)
- Cailleadh (2010)
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Láithreán gréasáin oifigiúil
- Rachel Walker ar Twitter