Reg Hindley

údar Sasanach

Rugadh Reg Hindley in Eccles, Lancashire sa bhliain 1929, agus bhí cónaí air in Oxenhope, Bradford, Yorkshire Thiar ó 1964 ar aghaidh.

Infotaula de personaReg Hindley
Beathaisnéis
Breith1929
Eccles, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Meitheamh 2017
87/88 bliana d'aois
Steeton with Eastburn, England Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Bradford Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Thug a bhean chéile Margaret breac-chuntas ar an gcúis gur dhiúltaigh na (SAM) agus an tAontas Sóivéadach víosa dá fear céile. Dúirt sí gur dhiúltaigh na Stáit Aontaithe dó toisc go raibh sé ina Chumannach ina óige, idé-eolaíocht ar chas sé go láidir air tar éis dó cuairt a thabhairt ar an mBulgáir Chumannach.

“Ní thabharfadh an tAontas Sóivéadach víosa dó toisc go raibh mic léinn Rúiseacha ag freastal ar an ollscoil ar a raibh sé ina léachtóir ann agus cheap siad go raibh sé ag iarraidh iad a thiontú! " a dúirt sí. Dúirt sé gur bhuail sí lena fear céile amach anseo i 1947, agus í ag staidéar staire in Ollscoil Leeds. Bhí an tUasal Hindley ann mar mhac léinn tíreolaíochta. Dúirt sí gur chaith sé dhá bhliain san Aerfhórsa Ríoga mar oifigeach oideachais dá Sheirbhís Náisiúnta. Mar léachtóir d’oibrigh sé in Exeter, Manchain agus Grantham sular tháinig sé go Oxenhope tar éis dó post a fháil in Ollscoil Bradford.[1]

I measc a chuid saothar scríofa bhí leabhair faoina shráidbhaile uchtaithe Oxenhope, lena n-áirítear treoraí siúlóide maisithe ar a dtugtar “Exploring Oxenhope: Where to go and what to see”, agus “Oxenhope: The Making of a Pennine Community”.

Bhí spéis mhór ag Hindley freisin i dteangacha. Scríobh sé leabhar dar teideal “The death of the Irish language: A qualified obituary.” ISBN: 9781138162846, sa bhliain 1990.[2][3] Ní raibh Reg Hindley dóchasach; thug sé le fios an méid seo a leanas sa leabhair; Under 10,000 native speakers are now living in communities with a sufficiently high level of attachment to the language to make probable its transmission to a substantial majority of their children as a language of the home.

Sa leabhair seo, thug Hundley pictiúr soiléir dúinn de mheath na teanga i measc leanaí scoile sa Ghaeltachta; The problem is not usually one of downright mendacity, much as it feels it when being assured by respectable people in positions of considerable trust that the children in their area all speak Irish excellently and are devoted to it, whereas the infants in the playground are playing loudly in English and the teenagers of whom one enquired directions where chatting in English when interrupted. [4]

Dúirt Breandán Ó hÉithir, “D'fháiltigh Gaeilgeoirí neirbhíseacha roimhe de bhrí gur fianaise neamhspleách, scoláiriúil é — ó Shasanach atá fábhrach don Ghaeilge le barr ar an ngreann — go bhfuil an dé fós sa teanga ina bhfuil fágtha den Ghaeltacht.” Freisin, thug Ó hÉithir le fios san alt a scríobh sé san iris mhíosúil Ghaeilge Comhar: “Seafóid mhímhachánta atá ar bun ag duine ar bith a deir anois gur féidir, fiú dá mb'inmholta é, an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla in Éirinn anois.”[5]

Fuair ​​Reg Hindley bás suaimhneach an 10 Meitheamh 2017 ag Ospidéal Airedale, Keighley, Yorkshire Thiar, Sasana. Bhí Reg in aois a 88 bliain, ba é fear céile Margaret ar feadh 62 bliain, athair Guy, Miles, Rachel agus Clare agus seanathair Liam, Niamh, Jennifer, Oliver, Hugo, Elizabeth, Matthias, Antonia, Benedict agus Joe.

Tagairtí cuir in eagar