Rhys Iorwerth
Is file agus príomhbhard é Rhys Iorwerth (a rugadh 1 Aibreán 1983). Bhuaigh sé an Chathaoir ag Eisteddfod Genedlaethol Cymru Wrecsam, sa bhliain 2011.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Aibreán 1983 41 bliana d'aois Bangor, Wales |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Caerdydd |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, aistritheoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Bhreatnais agus Béarla |
Tá sé ina chónaí agus ag obair i gCaernarfon.
Luathshaol agus oideachas
cuir in eagarRugadh Rhys i mBangor na Breataine Bige agus tógadh é i gCaernarfon agus d'fhreastail sé ar Ysgol Syr Hugh Owen.
Tar éis dó an scoil a fhágáil, bhog sé go dtí Caerdydd d'fhonn staidéar a dhéanamh ar Dhlí agus ar Pholaitíocht i bPrifysgol Caerdydd (Gaeilge: Ollscoil Chaerdydd). D'athraigh sé a chonair ghairme áfach agus rinne sé staidéar i Roinn na Breatnaise san Ollscoil, áit a bhain sé an cháilíocht BA (Baitsiléir Ealaíon) amach sa bhliain 2004 agus ansin fuair sé a MA (Máistir Ealaíon) sa bhliain 2005. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin ar son na seirbhíse taighde san Cynulliad Cenedlaethol (An Tionól Náisiúnta).
Ina dhiaidh sin bhog sé ar ais go Caernarfon ag obair mar aistritheoir neamhspleách.
Tagairtí
cuir in eagar- Gabhann Rhys Iorwerth an Chathaoir, BBC Cymru Fyw, 5 Lúnasa, 2011