Risteard Pluincéad

bráthair Proinsiasach agus foclóirí sa 17ú haois

Bráthair Proinsiasach agus foclóirí ceannródaíoch sa 17ú haois ab ea Risteard Pluincéad.[1] Deir Cuthbert Mhág Craith in 'Dán na mBráthar Mionúr' [II], 1980: Níl eolas ar bíth ar fáil faoi Risteard Pluincéad; ach gur bráthair é a bhí suite i mBaile Átha Troim.Rinne sé foclóir lámhscríofa Gaeilge-Laidin sa bhliain 1662, agus thug sé 'Vocabularium Latinum et Hibernum – foclóir lainne agus Gaoidheilge' ar an bhfoclóir lámhscríofa a rinne sé i Mainistir Bhaile Átha Troim sa bhliain 1662. Ba é an chéad duine é a rinne iarracht ar fhoclóir dátheangach a chur ar fáil don Ghaeilgeoir.

Infotaula de personaRisteard Pluincéad
Beathaisnéis
Floruit1662
Gníomhaíocht
Gairmmanach, údar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus an Laidin
Ord crábhaidhProinsiasaigh

Tugann de Bhaldraithe sleachta as réamhrá an Phluincéadaigh chun a thaispeáint gurbh é a chuspóir "an Ghaeilge a chur ar fáil d’Éireannaigh a bhí ag déanamh faillí inti, nó éiríthe aisti ar fad, agus feabhas is cumas na teanga a léiriú dóibh".

Tá cuid mhór dá chumadóireacht féin san fhoclóir, ach deir de Bhaldraithe go bhfuil sé iomlán d’fhocail údarásacha is de chaint a linne.

Níl an Pluincéadach ar liosta na bhfoinsí in 'Dictionary of the Irish language' (Acadamh Rióga na hÉireann, 1983) agus dá réir sin tá focail aige nach bhfuil sa saothar mór sin. Is cosúil nár cheadaigh Pádraig Ua Duinnín é ach chomh beag. Ach, ait go leor, tugadh ar iasacht do Edward Lhuyd é chun go mbainfeadh sé feidhm as in Archaeologia Britannica.

Tugann de Bhaldraithe neart samplaí de na focail a bhfuil glacadh leo sa teanga anois i ngeall ar an gcóipeáil bhotúnach a rinne Lhuyd. Dialón atá ag Pluincéad ach rinne Lhuyd dialon de agus is mar sin atá dialann againn ar ‘diary’; tá glactha le sorcóir ar ‘cylinder’: roireoir a bhí ag Pluincéad trí dhearmad pinn, b’fhéidir, in áit roileoir ach rinne Lhuyd soircuiorde. Is é breithiúnas de Bhaldraithe go mbaineann tábhacht leis an bhfoclóir "ó thaobh stair na teanga is na foclóireachta, ó thaobh na staire sóisialaí, agus ó thaobh a bhfuil le foghlaim ag lucht forbartha na teanga sa lá inniu".

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar