Robert Clive

saighdiúir agus polaiteoir Sasanach

Saighdiúir agus polaiteoir Sasanach ab ea an Maorghinearál agus Tiarna Robert Clive nó "Clive of India" (29 Meán Fómhair 1725 - 22 Samhain 1774). D'athraigh Clive cúrsa na staire nuair a chuir sé India faoi chois sna 1750-1760idí. D'éirigh Clive thar a bheith saibhir dá bharr.

Infotaula de personaRobert Clive

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Meán Fómhair 1725
Shropshire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Samhain 1774
49 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Easfhuiliú)
Áit adhlacthaShropshire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de 11ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 11th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh
Ball de 13ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 13th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh
Ball de 12ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 12th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh
Ball de 14ú Parlaimint na Breataine Móire

Téarma parlaiminte: 14th Parliament of Great Britain (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síMerchant Taylors' School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beangál Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, oifigeach míleata, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1746 –
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCos-slua
Céim mhíleatamaorghinearál Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCarnatic Wars (en) Aistrigh, Battle of Chandannagar (en) Aistrigh agus Battle of Plassey (en) Aistrigh
Eile
Teideal uasalBarún Clive (1762–1774)
Barún Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMargaret Clive (1753–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEdward Clive, Céad Iarla Powis, Charlotte Clive, Margaret Clive, Elizabeth Clive, Rebecca Clive, Richard Clive, Jane Clive, Robert Clive Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRichard Clive  agus Rebecca Gaskell
SiblínWilliam Clive
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 17951967 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharraing Clive conspóid lena bheo agus lena mharbhː laoch náisiúnta sa Bhreatain inniu do dhaoine áirithe, agus impiriúlaí agus tíoránach cruálach do dhaoine eile, agus é freagrach as "éigniú India"

pictiúir a rinneadh sa 19ú haois

Saol cuir in eagar

 
Robert Clive ag casadh le Mir Jafar, Cath Plassey, le Francis Hayward, 1760

Rugadh Clive ar 29 Meán Fómhair 1725 in aice le Market Drayton, Shropshire. Bhí deacrachtaí ag Clive ar scoil. Athraíodh ó scoil go scoil é.

India cuir in eagar

Cuireadh é go Madras mar cúntóir don Chomhlacht na hIndiacha Thoir nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois, sa bhliain 1744. Bhí caidreamh corrach aige lena chomhghleacaithe agus rinne sé iarracht lámh a chur ina bhás féin.

 
Shah Alam (impire Mughal) agus Clive (pictiúr a rinneadh sa bhliain 1781)

Chuaigh sé sna saighdiúirí leis an gComhlacht sa bhliain 1746, ag troid in aghaidh na bhFrancach agus na "ndúchasach".

Sa bhliain 1751, agus in aois 25 dó, chum Clive seift chun cathair Arcot a ghabháil ó Chanda Sahib, ceannaire áitiúil. Bhí cáil ar Clive ar fud na hEorpa tar éis an chatha seo.

 
1765:  Shah Alam (impire Mughal) ag géilleadh do Clive

Rinneadh gobharnóir de Clive ar Fort St David, ionad tábhachtach míleata de chuid na Breataine san India. Throid sé cathanna eile a mhéadaigh cumhacht na Breataine sa tír.

D'fhill Clive don chéad uair ar an mBreatain i 1753. Chaith sé seal sa Pharlaimint 1754-1755.

Plassey cuir in eagar

Troideadh cath Plassey sa bhliain 1757, agus in aois 31 do Clive, tháinig an tír faoi smacht an Chomhlachta, go hiomlán beagnach (tháinig fo-ilchríoch na hIndia faoina smacht nuair a troideadh Cath Buxar in 1764)

Chuaigh Clive ar ais don dara huair go Sasana i 1760, é saibhir agus ardchlú air. D'éirigh leis stíl shoiléir bhríomhar Béarla a fhorbairt agus bhí ardmheas ar a chumas óráidíochta nuair a bhí sé sa pharlaimint. Ardaíodh go Teach na dTiarnaí é sa bhliain 1762. Cheannaigh Clive an-chuid talún ag an am seo.

 
1764: An Tiarna Clive (Shah Alam II, impire Mughal sa chúlra), pictiúr le Charles Clive

Gobharnóir cuir in eagar

Chuaigh Clive ar ais chun na hIndia i 1764 mar Ghobharnóir ar Bheangál agus rinne leasú ar an státseirbhís a bhí curtha ar bun ansin.

Theip ar a shláinte ar fad agus chuaigh sé ar ais go Sasana in 1767, don tríú uair. Cuireadh fiosrúchán ar bun faoi chaimiléireacht i Westminster agus cuireadh ina leith gur bhain Clive mí-úsáid as an muinín a chuir daoine ann mar Ghobharnóir, srl.

Bhris gorta amach sa Bheangál idir 1769 - 1773 agus polasaithe an Chomlachta freagrach as.

 
Laoch sa Bhreatainː dealbh i Londain inniu

Bás cuir in eagar

Bhí sláinte Clive go dona (bhí clocha domlais ag gabháil dó). Bhí an-dúil ag Clive san óipiam. Fuair sé bás ar an 22 Samhain 1774. Níl a fhios céard ba chúis leis; ghlac sé ródháileog agus taom croí, b'fhéidir. Ní raibh ach 48 mbliana slánaithe aige.

Féach freisin   cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar