Ronnach
Is iasc peiligeach é an ronnach (nó maicréal i gCúige Mumhan). Tá roinnt speiceas éagsúil den ronnach ann ach is é ronnach an Atlantaigh (Scomber scombrus) an ceann is coitianta a rugtar air timpeall chósta na hÉireann.
Scomber scombrus ![]() | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||
| |||||||
Stádas caomhnaithe | |||||||
| |||||||
Tacsanomaíocht | |||||||
For-ríocht | Eukaryota | ||||||
Ríocht | Animalia | ||||||
Fíleam | Chordata | ||||||
Rang | Actinopteri | ||||||
Ord | Scombriformes | ||||||
Fine | Scombridae | ||||||
Treibh | Scombrini | ||||||
Géineas | Scomber | ||||||
Speiceas | Scomber scombrus ![]() Linnaeus, 1758 | ||||||
| |||||||
Tá ronnach an Atlantaigh coitianta ar an dá thaobh de thuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bíonn ráthanna ronnach an-choitianta gar don chósta i rith an tsamhraidh, áit a bhíonn siad á bheathú féin ar éisc bheaga.
BiaCuir in Eagar
Tá tóir mhór ar an ronnach mar bhia. Tá blas láidir uaidh. Tá méid mór vitimín B12 agus Omega 3 ann i gcomparáid le bia eile. Neamhchosúil leis an Rí Ronnach agus an Ronnach Spáinneach, níl mórán meircair i Ronnach an Atlantaigh agus thig é a ithe dhá uair sa tseachtain de réir eolaithe.