Rostov
Cathair ársa stairiúil sa Rúis é Rostov Velikiy nó Rostov Yaroslavskiy (Rúisis: Росто́в) agus í suite 202 chiliméadar soir ó thuaidh ó Mhoscó. Tá timpeall ar 35,000 duine ina gcónaí ansin. Cé go dtugtar "Rostov Mór" (Velikiy) ar an gcathair, tá sí i bhfad níos lú ná Rostov na Donu i ndeisceart na Rúise, a fuair a ainm ó Rostov Velikiy.
![]() | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ростов (ru) ![]() | |||||||||||||
|
|||||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||||
Suíomh | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Príomhchathair de | |||||||||||||
Daonra | |||||||||||||
Iomlán | 30,943 (2016) ![]() | ||||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||||
Achar dromchla | 31 km² ![]() | ||||||||||||
Airde | 100 m ![]() | ||||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||||
Cruthú | luach anaithnid (<862) | ||||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||||
Cód poist | 152150, 152151, 152153, 152155 agus 152159 ![]() | ||||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||||
Glaochód | 48536 ![]() | ||||||||||||
Eile | |||||||||||||
Suíomh gréasáin | grad-rostov.ru ![]() |
Ceann de chathracha stairiúla an Fháinne Órga taobh thoir de Mhoscó é Rostov Velikiy, agus cuid súl iad na seanfhoirgnimh san áit: Ard-Eaglais na Deastógála agus na mainistreacha sa chathair agus ina timpeallacht.