Is iasc beag fionnuisce é an ruán[1] (Scardinius erythrophthalmus) den fhine Cyprinidae. Bíonn sé ar fáil go forleathan san Eoraip agus san Áise. Tá sé forleathan in Éirinn cé nach iasc dúchasach é. Tá dath airgead agus dearg (ar chúl) air. Iasc beag atá ann go hiondúil - ní fhásann sé níos mó ná 40cm ar fhad. Tá sé sách cosúil le iasc fionnuisce eile - an róiste agus measctar suas go minic iad. Tá an dá iasc seo in ann cros-síolrú le chéile le hibrid a chruthú (nach féidir síolrú).

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRuán
Scardinius erythrophthalmus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN19946 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdCypriniformes
FineCyprinidae
GéineasScardinius
SpeiceasScardinius erythrophthalmus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Rugtar go minic ar ruáin sa gharbhiascaireacht mar go bhfuil siad ar fáil go forleathan in uiscí socra agus in uiscí le sruth iontu. Breathnaítear ar ruán ar bith atá os cionn punt meáchain mar eiseamal.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Scardinius erythrophthalmus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.