Iompar gnéasach is ea an sádmhasacachas, ina mbaintear pléisiúr as pian a imirt ar dhuine eile (sádachas) nó a fháil ó dhuine eile (másachas). Giorraítear chuig SM é.

Bratach sádmhasacach

B'fhéidir le páirtnéir amháin pléisiúr níos mó a bhaint as a p(h)áirtnéir a ghortú (sádaí) agus an dara páirtnéir ag baint pléisiúir as a bheith gortaithe (másachaí).

As Béarla, de ghnáth tá sádmhasacas san áireamh i mBDSM nó "bondage, discipline, domination/submission, sadism/masochism" (cuibhriú, forlámhas, smacht/géilleadh, sádachas/masachas).

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an focal sádachas as Marquis de Sade, uasal Francach, scríbhneoir agus fealsamh. Scríobh Sade faoi ghnéas fhoréigneach agus dhiamhaslach ina úrscéalta ar nós JustineNa 120 Lá an Sodom. Tagann an focal masacachas as Leopold von Sacher-Masoch, údar Géarmanach an úrscéil Véineas a Bhfuil Éadaí Fionnaidh Uirthi.

 
Duine leis an gcoiléar, úsáidtear go minic sa sádmhasacachas

Stair cuir in eagar

Ina leabhar Trí Aistí ar an dTeoiric na Gnéasachta, bheartaigh Sigmund Freud teoiric go dtagann sádachas as an ngnéasacht leanbaí, a bhfuil go minic tréith shádach aige. Sa fhormhór na ndaoine, éiríonn an tréith sin brúite faoi chois. Ach fós, i roinnt daoine, fanann an sádachas.

Sna Stáit Aontaithe, baineadh úsáid as leathar tar éis an Dara Cogadh Domhanda i gcathracha ar nós Nua-Eabhrac agus San Francisco idir daoine aeracha.[1]

Bhí pobal leispiach leathair ann freisin, ach d'éirigh sé conspóideach leis an ngluaiseacht feiminí. Mar sin féin, d'éirigh an pobal leispiach 'leathair' níos mó le linn an seachtóidí, agus i 1978 tháinig an comhghrúpa Samois le chéile (ainmníodh as an dominatrix leispiach sa Scéal O le Pauline Réage). Bhunaigh Gayle Rubin agus Patrick Califia agus feiminigh leispiacha eile Samois.

 
Gayle Rubin ó Samois

An céadchumann leispiach sádmhasacach i Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Samois. D'fhoilsigh Samois an leabhar Teacht i gCumhacht, leabhar tábhachtach don bhfeimineachas agus leispiachas, i 1981. Ach i 1982 d'fhoilsigh feiminigh frithshádmhasacachas ar nós Ti-Grace Atkinson an leabhar In Aghaidh Sádmhasacachas. Bhí achrann mór idir feiminigh le linn na n-ochtóidí: Na Cogaí Gnéis. Ach faoi na nóchaidí, ghlac go leor feiminigh leis an sádmhasacachas.

Bhuail an géarchéim SEIF an pobal sádmhasacach. Breathnaíodh ar sádmhasacachas, sádmhasacachas aerach go háirithe, mar rud baolach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Léiríonn leabhair ar nós An Lámhleabhar An Leatharfhir le Larry Townsend an ré seo.