Seithe mamaigh, reiptíleéin, coirtithe chun í a chaomhnú is a dhéanamh solúbtha crua, is ea leathar. Bíonn leathar frithsheasmhach i gcoinne meathlaithe, fiú nuair a fhliuchtar is a thriomaítear arís is arís eile é, tréith a bhraitheann ar a struchtúr snáithíneach póiriúil.

Déantús cuir in eagar

Sa phróiseas coirtithe, baintear an ghruaig den tseithe ar dtús, coirtítear í le tainnin, cróm nó alúm, déantar solúbtha í le geir,.Ar deireadh críochnaítear an dromchla le glónrú, dathú, laicearú, cabhradh is/nó svaeidiú. Scoiltear an tseithe le meaisín ina dhá chiseal, ciseal colainne is ciseal seachtrach, chun tiús cuí leathair a fháil.

Sóirt cuir in eagar

Déantar leathar Mharacó as seithe gabhair, a shnastar go críochnaithe.

Dhéantaí leathar seamaí as seithe fiaghabhair, ach anois úsáidtear seithí eile a scoiltear is a choirtítear chun a mboige a fheabhsú.

 
Green Alley Award 2019 Gelatex

Déantar ábhair shaorga anois le struchtúr póiriúil cosúil le leathar. Mar shampla, cruthaíonn Gelatex Technologies[1] ábhar as geilitín atá cosúil le leathar traidisiúnta. Is féidir an t-ábhar a úsáid in éadaí, bróga, agus taobh istigh de charranna. Tá an t-ábhar seo níos fearr don timpeallacht toisc go mbaineann siad úsáid as ábhar nádúrtha ó phróisealú feoil. Is ábhar orgánach é freisin.[2][3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. gelatex.com (2020-11-02). "Is as an Eastóin é an comhlacht Gelatex Technologies. Sa bhliain 2019, bhuaigh an comhlacht duais. Fuair siad an Green Alley Award toisc go bhfuil an t-ábhar nua agus níos fearr don timpeallacht." (en). Gelatex. Dáta rochtana: 2020-11-02.
  2. Hussey, Matt (2011). "Leathar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 401.
  3. Maynooth University. "Eleathanach 363". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2020-11-02.