File agus réabhlóidí Ungárach ab ea Sándor Petőfi a rugadh ar an 1 Eanáir 1823 agus a fuair bás ar an 31 Iúil 1849. Is file náisiúnta é san Ungáir agus ba phríomhphearsa é i réabhlóid na hUngáire sa bhliain 1848. Scríobh sé Nemzeti Dal (Amhrán Náisiúnta), amhrán na réabhlóide agus fuair sé bás i gCath Segesvár ar an 31 Iúil 1849.

Infotaula de personaSándor Petőfi

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(hu) Petőfi Sándor
Beathaisnéis
Breith(sk) Alexander Petrovič
1 Eanáir 1823
Kiskőrös, An Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Bási. 31 Iúil 1849
26 bliana d'aois
Albești, An Rómáin, is dócha Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisMaraíodh i gcomhrac
Áit adhlacthaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas
Scoil a d'fhreastail sé/síPápai Református Kollegium (1841–1842)
Piarist Gymnasium of Budapest (en) Aistrigh (1834–1835)
Fasori Gimnázium (1833–1834) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ungáiris
Gníomhaíocht
Gairmfile, aisteoir, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Freasúra Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Ainm cleiteRónai Sándor
Andor deák Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Ungáiris
Gairm mhíleata
Céim mhíleatamaor Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtHungarian Revolution of 1848 (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJúlia Szendrey (1847–1849) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteZoltán Petőfi Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairMária Hrúzová
SiblínIstván Petőfi
Síniú

IMDB: nm0678881 Musicbrainz: 59a209a6-91c7-43c7-9acb-2bb9442bab24 Discogs: 2373754 IMSLP: Category:Petőfi,_Sándor Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh é i Kiskőrös agus inimircigh Shlóvacacha nó Sheirbiacha ab ea a thuismitheoirí. Ba é Alexander Petrovics a ainm breithe ach d'aistrigh sé a ainm go hUngáiris.

 
Sándor Petőfi

Tógadh é in Kiskunfélegyháza agus d'oibrigh sé in amharclanna, scoileanna agus nuachtáin timpeall na tíre. Fuair sé foilsitheoir i 1844 agus d’éirigh sé ina fhile rathúil. Phós sé Júlia Szendrey agus bhí mac amháin acu, Zoltán, a rugadh ar an 15 Nollaig 1848. Bhuail sé le hintleachtóirí réabhlóideacha (Márciusi Ifjak - Ógánaigh Máirseála) in Pest. Thosaigh an réabhlóid ar an 15 Márta 1848. Throid sé in arm réabhlóideach na hUngáire leis an nginearál Józef Bem sa Trasalváin. Fuair sé bás i Segesvár i gcath in aghaidh arm na Rúise ar an 31 Iúil 1849.

Saothair cuir in eagar

Scríobh sé faoi théamaí an bhéaloidis, a ghrá agus a phósadh le Júlia, radharcra na hUngáire agus faoin réabhlóid. Tá a dhánta ar fáil i go leor teangacha.

  • Az alföld (Machaire Mór na hUngáire) (1944)
  • János Vitéz (Seán Cróga) (1945)
  • Szeptember végén (Deireadh mhí Mheán Fómhair)  (1847)
  • Az apostol (An tAspal) (1848)
  • Dicsőséges nagyurak (Tiarnaí Glórmhara) (1848)
  • Nemzeti dal (Amhrán Náisiúnta)  (1848)