Is séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Mhantáin, Éire, é Séipéal Chill Chróine.[1]

Séipéal Chill Chróine
Sonraí
CineálEaglais Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Chill Mhantáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 11′ N, 6° 08′ O / 53.19°N,6.14°W / 53.19; -6.14
Gníomhaíocht
DeoiseUnited Dioceses of Dublin and Glendalough (en) Aistrigh

Tá Séipéal Chill Chróine suite i gcoillearnach ar imeall thiar Bhré, ó dheas den Deargail.[2]

Seans go raibh séipéal adhmaid níos luaithe ar an suíomh, tiomnaithe do Naomh Cróine, naomh baineann doiléir den 5ú haois.[3][4]

Tógadh an séipéal cloiche sa 11ú haois, agus ba iad na pátrúin réamh-Normannach ná Uí Briuin CualannUí Ceallaigh ó Uí Teigh. Sa tréimhse Normannach, luaitear Cill Chróine i dtaifid 1280, 1285 agus 1305. Tháinig sé ar ais faoi seilbh na nGael níos déanaí nuair a ghlac muintir Uí Tuathail seilbh ar an gceantar.

Sa bhliain 1533, luadh gur séipéal de chuid an tséipéil mhóir áitiúil i Stagonyll (Cúirt an Phaoraigh) a bhí i gCill Chronaigh. Deir taifid eile go raibh sé ina sheilbh ag Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath.

Leathnaíodh an séipéal sa tréimhse mheánaoiseach dhéanach, agus sa tréimhse nua-aimseartha tá roinnt athchóiriú déanta, agus na ballaí á gcur suas.[5][6]

 
Radharc den Séipéal

Tá cruth dronuilleogach ar an séipéal le ballaí de ghaineamhchloch, eibhir agus bloic scealla. Tá Fardoras eibhir agus fuinneog cheannchruinn ar an mballa theas.

  1. Holdings: Kilcroney Church.” (1929).
  2. Kilcroney Church” (17 November 2006).
  3. Irish Tourist Board (1953). "Ireland guide". Fógra Fáilte. Dáta rochtana: 2016-08-17. 
  4. Omnium Sanctorum Hiberniae: Saint Croine, January 27”.
  5. Church with holy woman's name - Independent.ie”.
  6. Geograph:: Kilcroney Church ruins (C) Max Wellman”.