Síceapaiteolaíocht
Is éard is síceapaiteolaíocht ann ná staidéar ar mheabhairghalar agus ar na comharthaí agus siomptóim a bhaineann le neamhoird mheabhrach. Cuimsíonn an réimse cognaíocht neamhghnách, iompar mí-oiriúnaitheach, agus eispéiris atá difriúil de réir gnásanna sóisialta. Is éard atá i gceist leis an disciplín seo ná breathnú domhain ar shiomptóim, iompraíochtaí, cúiseanna, cúrsa, forbairt, catagóiriú, cóireálacha, straitéisí, agus go leor eile.
Is éard atá i gceist le síceapaiteolaíocht bhitheolaíoch ná staidéar ar cognaíochtaí, iompraíocht, agus eispéiris mínormálta a dhéantar ar bhonn bitheolaíochta. Tugtar síceapaiteolaíocht leanaí ar an speisialtóireacht a chuirtear i bhfeidhm ar leanaí agus ar dhéagóirí.
Stair
cuir in eagarBhí tionchar ag creideamh reiligiúnach agus pisreoga ar na míniúcháin luatha ar mheabhairghalair. Chuirtí riochtaí sláinte síceolaíochta a rangaítear anois mar neamhoird mheabhrach i leith spioraid urchóideacha, deamhain, nó an diabhal. Glacadh go forleathan leis an smaoineamh seo suas go dtí an séú agus an seachtú haois déag.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Loschen, E. L. (April 1974). "Psychiatry and religion: A variable history". Journal of Religion & Health 13 (2): 137–141. doi: . ISSN 0022-4197. PMID 24408386.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |