Síol Éalaigh

sráidbhaile i gContae Chill Mhantáin

Baile in oirdheisceart na hÉireann, i ndeisceart Chontae Chill Mhantáin is ea Síol Éalaigh (Béarla: Shillelagh).[1] “Sliocht duine darbh ainm Éalach” an bhrí atá le “Síol Éalaigh”. Tá Síol Éalaigh i bparóiste dlí Charn an Bhua. Bhí 278 duine ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2002.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSíol Éalaigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 45′ 00″ N, 6° 32′ 00″ O / 52.75°N,6.533333°W / 52.75; -6.533333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416551

Leagadh Síol Éalaigh amach mar chuid d’eastát FitzWilliam siar san 17ú haois. Ina aice, tá Teach Coolattin (arna dhearadh ag John Carr agus tógtha timpeall ar an bhliain 1800), lár eastát Mhuintir FitzWilliam san am. I Síol Éalaigh freisin, tá coill dharach Thom na Feannóige (Béarla: Tomnafinnoge), an choill dharach is mó dá bhfuil fágtha in Éirinn inniu. Tá an dá dhair Chorcaí atá in Éirinn le feiceáil sa bhaile. Tá ainm an bhaile nasctha go coiteann leis an mbata siúil ón gcrann sceach a thugtar an tsail éille air as Gaeilge agus shillelagh as Béarla. Ceapann daoine eile, áfach, gur comhtharlú é gur cuireadh an leagan céanna i mBéarla ar ainm an bhaile agus ar an mbata siúil.

Osclaíodh stáisiún traenach i Síol Éalaigh ar an 22ú Bealtaine, 1865. Cuireadh stad leis an tseirbhís phaisinéirí agus earraí ar an 24ú Aibreán, 1944, agus chuaigh an stáisiún as feidhm ar fad ar an 20 Aibreán, 1945.

Tá craobh de Chumann Lúthchleas Gael i Síol Éalaigh agus is spéirghorm agus dúghorm na dathanna atá acu. Tá Coolattin Golf Club, cúrsa 18 poll, i gcóngar an tsráidbhaile. Tá Síol Éalaigh suite ar Shlí Cualann (Wicklow Way), ceann de na bealaí siúil fada is mó tóir orthu in Éirinn.