An tSúlúis
Ceann de na teangacha i gcraobh Nguni na dteangacha Bantúcha í an tSúlúis, nó isiZulu, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Tá sí ó dhúchas ag deich milliún duine, an chuid is mó acu san Afraic Theas, go háirithe i gCúige KwaZulu-Natal. Glactar leis, áfach, go bhfuil duine as gach beirt san Afraic Theas in ann adhmad éigin a bhaint as caint Súlúise. Sa bhliain 1994, bronnadh stádas oifigiúil ar an tSúlúis san Afraic Theas in éineacht le deich dteanga eile.
Súlúis (isiZulu) | |
---|---|
Á labhairt: | An Afraic Theas, An tSiombáib, An Mhaláiv, Mósaimbíc, An tSuasalainn |
Réigiún: | Súlúlainn, Durban, Johannesburg |
Cainteoirí san Iomlán: | 10 milliún (mar theanga dhúchasach), 16 milliún mar dhara teanga |
Rang: | 70 |
Líne ghinealaigh: | Conga-Nígris Conga-Atlantais Conga-Voltais Conga-Benue Bantóidis Theas Bantúch Caol Lárnach S Nguni Súlúis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | An Afraic Theas, An tSuasalainn |
Foras Pleanála Teanga: | Bárdas na Teanga Súlúise |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | zu |
ISO 639-2 | zul |
ISO 639-3 | zul |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Tá an tSúlúis ar an dara ceann is mó a labhraítear de na teangacha Bantúcha. Níl ach an teanga Shona, príomhtheanga na Siombáibe, níos mó ná an tSúlúis ó thaobh líon na gcainteoirí de. Leis na litreacha Laidineacha a scríobhtar an tSúlúis, agus cosúil leis na teangacha Bantúcha eile san Afraic Theas, bhí sí go mór mór faoi thionchar na teanga Xhosa.
Tá an tSúlúis réasúnta cosúil leis na teangacha Bantúcha eile, is é sin, tá réimír rangúcháin i dtús gach ainmfhocal, agus cuirtear an réimír chéanna leis na haidiachtaí agus na foirmeacha briathair atá faoi réir an ainmfhocail san abairt:
- Bonke abantu abaqatha basepulazini bayagawula.
- "Tá fir láidire na feirme go léir amuigh ag leagan crann."
- (Is é abantu (na fir, na daoine) an t-ainmfhocal, agus aba (nó ba, b ag cineálacha áirithe focal) an réimír.)
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |