Is téarma béarlagair i mBéarla Meiriceánach é SWAG (acrainm ar “scientific wild-ass guess”). Is éard atá ann ná buille faoi thuairim a dhéanann saineolaí sa réimse, bunaithe ar thaithí agus ar iomas an tsaineolaí. Tá sé cosúil leis an bhfocal béarlagair guesstimate, portmanta de “guess” agus “estimate”.[1]

Ceaptar go ginearálta gur tháinig an téarma “SWAG” as fórsaí míleata na Stát Aontaithe, as an Arm[2] nó as an Aerfhórsa[3] is dócha. Scríobh an t-iriseoir Melvin J. Lasky go n-úsáideadh an Ginearál William Westmoreland (Arm SAM) an téarma ar nós cuma liom le linn Chogadh Vítneam. Uaireanta thugadh Westmoreland “SWAG” mar fhreagra ar cheisteanna ó iriseoirí faoi theip Mheiriceá an namhaid a neodrú.[1] Dhearbhaigh an Coirnéal John Frank Stewart an úsáid a bhain Westmoreland as an téarma i gcúirt dlí i mí na Samhna 1984. Thóg Westmoreland cás dlí in aghaidh CBS mar gheall ar chlár faisnéise darb ainm The Uncounted Enemy: A Vietnam Deception. Nuair a bhí Stewart i gclár na mionn, mhínigh sé go dtabharfadh an brainse faisnéise míleata a raibh sé i gceannas air tuairiscí ar láidreacht an namhad i Vítneam do Westmoreland, agus gur bunaíodh na huimhreacha ar “the SWAG principle”.[4] Bhí gáire sa chúirt nuair a mhínigh Stewart céard a bhí i gceist leis an acrainm.[4]

Ina leabhar Dictionary of Development Terminology (1975), scríobh an teangeolaí J. Robert Dumouchel gur úsáideadh an téarma fiú níos luaithe, agus gur chuala sé é “i mbéarlagair lucht na forbartha pobail” sna Stáit Aontaithe sna 1960idí.[2]

D'éirigh an téarma níos suntasaí sa chéad leath den bhliain 1999 maidir le buamáil NATO san Iúgslaiv. Ba é an tuairisceoir John F. Harris ó The Washington Post an chéad duine a d'úsáid an téarma in alt nuachtáin. Bhí Harris ag déanamh cur síos ar na fachtóirí ba chúis leis an gcinneadh a rinne an tUachtarán Bill Clinton brath ar Aerfhórsa na Stát Aontaithe sa Chosaiv in ionad “200,000 trúpa NATO” a úsáid. Ba é NATO a rinne an meastachán go mbeadh 200,000 trúpa talún ag teastáil, agus cheap na pleanálaithe cogaidh Meiriceánacha nach mbeidís in ann an líon sin trúpaí a bhaint amach mar gheall ar chúrsaí polaitíochta, agus cuireadh an plean sin as an áireamh go tapa. Scríobh Harris, “Dúirt oifigigh nach staidéar cuimsitheach a bhí in anailís NATO. Ina áit sin, is éard a bhí ann ná athbhreithniú tosaigh ar thug roinnt oifigeach Meiriceánach ‘SWAG’ air — béarlagair míleata a chiallaíonn ‘scientific wild-ass guess.’”[5]

Úsáidtear SWAG chun cur síos a dhéanamh ar mheastachán a thagann ó roinnt fachtóirí éagsúla, mar shampla seantaithí, imprisin ghinearálta, agus ríomhaireachtaí garbha nó heorastúla, seachas cuardach uileghabhálach, cruthúnas, nó ríomhaireacht bheacht. Is buille faoi thuairim meáite é an SWAG, ach ní mheastar gurb é an meastachán is fearr nó is cruinne.[2] Dearbhaíonn an saineolaí gur leor a b(h)reithiúnas féin chun an meastachán a chosaint, agus go bhféadfaí meastachán níos beaichte níos cruinne a dhéanamh le himeacht ama.[6]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Lasky, Melvin J. (2005). "The Language of Journalism: Profanity, obscenity & the media" 2. Transaction Publishers. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Safire, William (2004). "No Uncertain Terms: More Writing from the Popular "On Language" Column in The New York Times Magazine": 95–96. Simon and Schuster. 
  3. Acronym Finder”. Dáta rochtana: 21 Iúil 2012.
  4. 4.0 4.1 Safire, William (25 Aibreán 1999). "The Way We Live Now: 4-25-99 - On Language; Eye Roller". 
  5. Harris, John F. (1 Aibreán 1999). "Clinton Saw No Alternative to Airstrikes". Washington Post. “NATO's analysis, officials said, was not a comprehensive study. Instead, it was an initial review that some U.S. officials called a "SWAG" – military parlance for a "scientific wild-ass guess."”
  6. searchsoftwarequality.techtarget.com”. Dáta rochtana: 21 Iúil 2012.