Santander
Is príomhchathair chomhphobail féinrialaithe Cantabria sa Spáinn é Santander. Tá sí súite ar an gcósta thuaidh, suite soir ó Gijón agus siar ó Bilbao. Bhí thart ar 172,000 ina gcónaí ann sa bhliain 2017.
Santander | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Comhphobal féinrialaitheach de chuid na Spáinne | Cantabria | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Cathair Santander | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 172,726 (2023) | ||||
• Dlús | 4,787.31 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 36.08 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mhuir Chantabrach | ||||
Airde | 15 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 9 Eanáir 1755 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Santander | Gema Igual Ortiz (2016–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 39001–39012 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 942 | ||||
INE municipality code (en) | 39075 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | santander.es |
Stair
cuir in eagarGlaodh Portus Victoriae Iuliobrigensium ar an áit i ré Impireachta na Róimhe. Tagann an t-ainm Sandander ó Naomh Emeterio (Santemter, Santenter, Santander). Tógadh ceann an mairtírigh ansin sa 3ú haois de réir an bhéaloidis.
Sa bhliain 1187, cheap Rí Alfonso VIII an ab de San Emeterio mar thiarna ar an mbaile, agus sa bhliain 1248 ghlac Santander páirt sa chath ar son Sevilla agus fuair sí a armas dá bharr.
Ba phort tábhachtach de chuid na Caistíle é Santander níos déanaí sna Meánaoiseanna agus ba chathair thábhachtach í ó thaobh trádála le Meiriceá freisin. Tugadh aithne oifigiúil do Santander mar chathair sa bhliain 1755.
Sa bhliain 1893 phléasc an lastlong Cabo Machichaco sa chuan agus maraíodh 500 daoine.
Sa bhliain 1941 tharla tine mhór sa chathair. Lean an tine ar feadh dhá lá de bharr ghaoth láidir ó dheas. Cé nach básaíodh ach duine amháin (fear dóiteáin) bhí na mílte teaghlach fágtha gan dídean. Chomh maith le sin, scrios an tine ceantar stairiúil na cathrach, agus déanadh a lán dochair don ardeaglais Rómhánúil.
Faoi láthair
cuir in eagarTagann a lán turasóirí Spáinneacha go Santander chun saoire cois trá gach bliain. Tá ceanncheathrú Banco Santander, an bhanc is mó sa Spáinn, lonnaithe i Santander.