Osclóidh seo an príomhroghchlár
Bilbao
Bilbo
Bilbao
Suíomh

43°15′ Thuaidh 2°55′ Thoir

Rialtas
Tír An Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach Tír na mBascach
Méara Juan María Aburto
Déimeagrafaic
Achar 41.50 cm²
Daonra 345,141
Dlús daonra 8,300/km²
Airde 19 m
www.bilbao.eus/


Is cathair i gcomhphobal féinrialaitheach Tír na mBascach sa Spáinn í 'Bilbao (Bascais: Bilbo). Tá sé suite i dtuaisceart na Spáinne, an chathair is mó i gcúige na Bioscáine, i dTír na mBascach, agus Tuaisceart na Spáinne agus ímar an 10ú chathair is mó sa tír le daonra 345,141 (2015. Leis an gceantar uirbeach san áireamh tá thart ar 1 miliúin daoine ina gcónaí ann agus tá an gcontae Mórcheantar Bilbao an 5ú achar uirbeach is mó sa Spáinn.

Tá sí Lonntaithe i lár-thuaisceart na Spáinne 16 cileaméadar ó dheas Bá na Bioscáine áit a thosaíonn inbhear Bilbao. Tá an croí-lár uirbeach timpealaithe ag dhá sliabhroan beaga (400 méadar). Tá tionchar ag an mbá ar an aeráid sé sin córas aer séimh a chuireann srian ar teochta samhraidh te na Spáinne, gan mórán griain agus go leoir báisteach.

I rith an naoú haois déag agus tús an fichiú haois d'fhorbair Bilbao go mór i dtaobh tionscalaíochta de an dara réigiúin is mó forbaithe i ndiaidh Barcelona. Chomh maith leis sin bhí fás ollmhór ag daonra na háite. Faoi láthair tá Bilbao mar chathair bheo le béim ar leith soláthair seibhisí ag mothú athbheochan i dtaobh sochaí, geileagar, agus aeistéitic tosaithe ag an Iarsmalann cáiliúil Guggenheim le go leoir infheistiú san infreastruchtúr mar shampla an aerfort, córas iomparthe, an Alhóndiga agus tionscnamh eile athnuachan nach iad.

Tá club sacair Athletic Club de Bilbao lonnaithe ann chomh maith. Is siombal tábhachtach é an club i náisiúnachas Bascach de bharr an polasaí atá acu imreoirí Bascach amháin a fhostú agus é fós mar club rathúil i stair sacair na Spáinne agus sa lá atá inniu ann.