Naomh Séamus, mac Zeibidé
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Duine den Aspal Déag Íosa ba ea Naomh Séamus, mac Zeibidé. Tugtar Séamus Mór air toisc go raibh Séamus eile i measc an Dáréag, Séamus, mac Alfaeus (Séamus Beag).
SaolCuir in Eagar
Ba mhac Zeibidé agus Salómae é Séámas Mór. Níl a fhios againn faoi thús a shaol. Bhí sé ina dheartháir do Naomh Eoin. Is dócha go raibh Séamas níos sine ná a dheartháir. Bhi Zeibidé ina iascaire agus seans gur chónaigh sé i mBéatsáide (Eoin 1:44) nó i gCafarnáúm. Bhí roinnt fear ag obair dhó (Marcus 1:20). Ba bhean chráifeach í Salómae agus bhí sí mar bhall de lucht leanúna Íosa Críost (Matha 27:55,; Marcus 15:40, 16:1; Lúcás 8:2, 23:55-24:1). Shíltear nach bhfuair Séamas ná Eoin a gcuid oideachais i scoil raibíneach. Dá bharr sin, ní raibh siad aitheanta mar fhir oilte leis na Giúdaigh. Is cosúil gur bhfuair siad an caighdeán céanna oideachais a fuair daoine eile ina n-aicme, is é sin an gnáthoideachas Giúdach. Deirtear gur b'fhéidir go raibh na deartháireacha ina gcol ceathracha do Íosa Criost ach tá sé amhrasach. Bhí muintir na Gailíle cráifeach, crua, dícheallach, cróga agus b'iad na cosantóirí ab fhearr den náisiúin Giúdach.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |