In anatamaíocht na mamach, is éard is scairt thóracsach (Sean-Ghréigis: διάφραγμα diáphragma "deighilt" ), ann ná clár de mhatáin inmheánacha a leathnaíonn trasna ar bhun chreat na n-easnacha. Deighleann an scairt cuas an chliabhraigh (croí, scamhóga & easnacha) ó chuas an bhoilg agus bíonn feidhm thábhachtach aici sa riospráid.

Meicníocht na hanálaithe (Tá dath uaithne ar an scairt )

San anatamaíocht, tagraíonn 'diafram' do struchtúir chothroma eile cosúil leis an diafram úraiginitiúil nó an diafram peilbheac, ach de ghnáth, ach uaireanta bíonn scairt thóracsach i gceist leis an bhfocal 'diafram' cé nach é an téarma ceart teicniúil é. Bíonn diafraim nó struchtúir cosúil leo ag veirteabraigh eile ar nós reiptílí agus amfaibiach , ach bíonn éagsúlacht le sonraí tábhachtacha na hanatamaíochta acu mar shampla le suíomh na scamhóg i gcuas an abdómain.