Scoiltzón ilchríochach beo is ea Scoilt na hAfraice Thoir, san Afraic Thoir. Thosaigh an zón ag forbairt ag tús an Mhéicéinigh, 22-25 milliún bliain ó shin.[1]. San am atá caite, mheastar é a bheith mar chuid de Ghleann na Claise Móire, a shín ó thuaidh go dtí an Anatóil (nó an Áise Bheag) .

Léarscáil d' Oirthear na hAfraice ag taispeáint roinnt de na bolcáin stairiúla ghníomhacha (mar triantáin dearg) agus an Triantán Afarach (scáthaithe ag an lár), ar a dtugtar 'cumar triarach', (Béarla: 'triple junction') ina mbíonn trí phláta ag tarraingt ar shiúl óna chéile: Pláta na hAraibe agus dhá chuid de Phláta na hAfraice— an Núibiach agus Somálach, ag scoilteadh feadh scoiltzóin na hAfraice thoir.

Tá an scoilt ina zón caol, a bhíonn ag forbairt teorainn plátaí dibhéirseacha, ina mbíonn Pláta na hAfraice i mbun an dá phláta teicteonach, ar a dtugtar an Pláta Somálach agus an Pláta Núibiach a scoilt óna chéile, ag ráta de 6-7 mm in aghaidh na bliana.[2] A fhad a mhairfeas an leathnú, tarlóidh maidhm litisféarach laistigh de 10 milliún bliain, brisfidh an Pláta Somálach amach, agus cruthófar abhantrach aigéanach nua.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Baikal Rift Crios
  • Loch Victoria
  • Thuaidh Cordilleran Volcanic Cúige
  • West Antartach Rift
  • Thiar agus Lár na Hafraice Rift Córas
  1. Ebinger, C.J. (2005). "Continental break-up: the East African perspective.". Astron. Geophys. 46: 216–21. 
  2. "Angular velocities of Nubia and Somalia from continuous GPS data: implications on present-day relative kinematics." (2004). Earth Planet. Sci. Lett. 222: 197–208. doi:10.1016/j.epsl.2004.02.008. Bibcode2004E&PSL.222..197F. 

Naisc sheachtracha

cuir in eagar