Seán Doherty (Ros Comáin)
Polaiteoir Éireannach d'Fhianna Fáil ab ea Seán Ó Dochartaigh nó Seán Doherty (29 Meitheamh 1944 - 7 Meitheamh 2005) a d’fhóin mar Chathaoirleach ar Sheanad Éireann ó 1989 go 1992 agus mar Aire Dlí agus Cirt ó Mhárta 1982 go Nollaig 1982. D’fhóin sé mar Theachta Dála (TD) ó 1977 go 1989 agus 1992 go 2002. Bhí sé ina Sheanadóir don Phainéal Riaracháin ó 1989 go 1992.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Meitheamh 1944 Contae Ros Comáin, Éire |
Bás | 7 Meitheamh 2005 60 bliana d'aois Leitir Ceanainn, Éire |
Teachta Dála | |
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 28ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1997 | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Longfort–Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | |
Cathaoirleach | |
1 Samhain 1989 – 23 Eanáir 1992 ← Tras Honan – Seán Fallon (en) → | |
Seanadóir na hÉireann | |
1 Deireadh Fómhair 1989 – 25 Samhain 1992 Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin | |
Teachta Dála | |
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1987 | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 24ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Samhain 1982 | |
Teachta Dála | |
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 23ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982 | |
An tAire Dlí agus Cirt | |
9 Márta 1982 – 14 Nollaig 1982 ← Jim Mitchell – Micheál Ó Nuanáin → | |
Teachta Dála | |
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 22ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1981 | |
Teachta Dála | |
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 21ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin-Liatroim Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1977 | |
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Éire 25 Aibreán 1960 – 1 Eanáir 1961 | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Cúlra
cuir in eagarRugadh agus tógadh é i Cootehall in aice le Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, cuireadh oideachas air ar leibhéal náisiúnta i gContae Liatroma agus ansin i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí .
I 1965, tháinig Ó Dochartaigh chun bheith ina bhall den Gharda Síochána agus d’fhóin sé mar Bhleachtaire i Sligeach sula ndeachaigh sé leis an mBrainse Speisialta i mBaile Átha Cliath go luath sna 1970idí.í.
Tháinig Ó Dochartaigh ó theaghlach a raibh traidisiún fada seirbhíse poiblí agus baint pholaitiúil acu i gContae Ros Comáin. I 1973 ghlac Doherty suíochán ar Chomhairle Contae Ros Comáin, a bhí folamh tar éis bhás a athar.
Phós Ó Dochartaigh Maura Nangle, ar deirfiúr í leis an gceoltóir Éireannach Carmel Gunning. Le chéile bhí ceathrar iníonacha acu, bhí Rachel ina comhairleoir ar Chomhairle Contae Ros Comáin.
Gníomhréim pholaitiúil
cuir in eagarTar éis dó fónamh ar feadh ceithre bliana mar ionadaí áitiúil ar Chomhairle Contae Ros Comáin, toghadh Ó Dochartaigh mar TD Fhianna Fáil do dháilcheantar Ros Comáin-Liatroim in olltoghchán 1977.[1]
Tacaí Chathal Uí hEochaidh
cuir in eagarI 1979, bhí Ó Dochartaigh ina bhall lárnach den “drong de chúigear” mar a thugtar air a thacaigh le hiarracht Ui hEochaidh ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh ar láimh. Ba iad na baill eile Ailbhe Mac Raghnaill, Mark Killilea, Óg, Tom McEllistrim agus Jackie Fahey.
D’éirigh le Ó hEochaidh sa chomórtas ceannaireachta agus tugadh luach saothair do Ó Dochartaigh as a bheith ceaptha mar Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt ó 1979 go 1981. Sa ghearrthréimhse 1982 tháinig Ó Dochartaigh isteach i rialtas Fhianna Fáil sa Chomh-Aireacht mar Aire Dlí agus Cirt. Sa phost seo ghlac sé páirt i sraith conspóidí.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bunachar Sonraí Comhaltaí an Oireachtais. https://www.oireachtas.ie/