Seán Gallagher
Is fear gnó Éireannach é Seán Gallagher (rugadh é ar an 7 Meitheamh 1962) a bhí mar mholtóir ar chlár RTÉ Dragons' Den. Rith sé i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann sa bhliain 2011 mar iarrthóir neamhspleách agus bhí sé chun cinn sa rás céanna ag pointe amháin i nDeireadh Fómhair 2011 ar 39% den vóta dar le pobalbhreith. Is iarbhall de Ard-Chomhairle Fhianna Fáil atá ann.
(2011) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Iúil 1962 62 bliana d'aois Muineachán, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad Ollscoil na hÉireann Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan Ollscoil Uladh Coláiste Naomh Padraig, Contae an Chabháin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó, rannpháirtí i gclár teilifíse réaltachta |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Suíomh gréasáin | seangallagher.com |
Thit an tóin as a iarrthóireacht le linn na díospóireachta teilifíse deiridh, áfach, nuair a chuir a chomh-iomaitheoir Máirtín Mag Aonghusa (Sinn Féin) ina leith go raibh airgead bailithe aige ó fhir gnó áirithe ar son Fhianna Fáil. Shéan Gallagher na líomhaintí seo ar fad, ach ní raibh sé in ann an bhaint idir eisean agus a shean-pháirtí a bhriseadh i meon an phobail in am don toghchán. Chríochnaigh Gallagher le 28.5 % den vóta, sa dara háit tar éis an bhuaiteora Mícheál D. Ó hUigín.
Sheas Gallagher don Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018. Fuair sé ainmniúcháin ó na comhairlí: Ros Comáin, Maigh Eo, Liatroim, Loch Garman agus An Cabhán. Tháinig sé sa tríú háit sa toghchán le 94,514 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |