Is cainidí meánmhéide atá dúchasach don Afraic agus don Eoráise iad na seacáil. Sa lá atá inniu ann, déanann an téarma tagairt d'ainmhithe i dtrí speiceas: an seacál droma duibh (Lupulella mesomelas), an seacál taobhstríocach (Lupulella adusta), agus an seacál órga (Canis aureus).

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeacál
Canina Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdCarnivora
FineCanidae
FothreibhCanina Cuir in eagar ar Wikidata
G.Fisch.Waldh., 1817

Cé nach gcuimsíonn siad clád monaifíléiteach, is uiliteoirí faille iad na seacáil go léir, agus is creachadóirí agus scroblachóirí sciliúla iad. Cabhraíonn a gcosa fada agus a bhfiacla cuartha leo mamaigh bheaga, éin, agus reiptílí a sheilg. Is ainmhithe clapsholais iad, atá is gníomhaí ag breacadh an lae agus ag titim na hoíche.

Sanasaíocht

cuir in eagar

Tagann an focal “seacál” ón fhocal Béarla “jackal” a théann siar go dtí 1600 agus a thagann ó chacal sa Fhraincis, ón Tuircis çakal, ón Peirsis شغال shoghāl, ón tSanscrait शृगाल śṛgāla a chiallaíonn “glafaire” (Béarla: howler).[1]

Speiceas Údarás Raon
Seacál droma duibh
Lupulella mesomelas

 

Schreber, 1775 Deisceart na hAfraice agus cósta thoir na Céinia, an tSomáil, agus an Aetóip
Seacál taobhstríocach
Lupulella adustus

 

Sundevall, 1847 An Afraic Láir agus Deisceart an hAfraice
Seacál órga
Canis aureus

 

Linnaeus, 1758 Oirdheisceart na hEorpa, an Meánoirthear, iarthar na hÁise, agus an Áise Theas
  1. "The American Heritage Dictionary of the English Language" .