Is grúpa eitneach iad na Seamóraigh a chónaíonn i nGuam agus sna hOileáin Marshall Thuaidh san Aigéan Ciúin. Is críocha de chuid na Stát Aontaithe iad seo agus cónaíonn na mílte díobh sa tír úd anois, go mór mhór i Haváí agus i stáit an chósta thiar.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSeamóraigh

Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán147,798 (2010) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaAn tSeamóiris agus Béarla
CreideamhCaitliceachas

Is í Seamóiris a dteanga dhúchasach thraidisiúnta, ach tá an Béarla ag glacadh a háit de réir a chéile. Teanga Mhalae-Pholainéiseach atá sa tSeamóiris. Bhí tionchar mór ag na Spáinnigh san am a chuaigh thart. Ghlac na Seamóraigh córas na nuimhreacha ón Spáinnis, mar shampla.