Is frása agus coincheap é Seasamh na dTréan[1] (nó bua na hoiriúnachta[2]) a úsáidtear go coitianta i gcomhthéacsanna nó chun críocha eile seachas iad sin a bhí ceaptha ag an mbeirt a chéad mhol an téarma, an t-ileolaí agus fealsamh Herbert Spencer agus Charles Darwin. Ba é Herbert Spencer a chéad d'úsáid an téarma tar éis dó an leabhar le Charles Darwin On the Origin of Species i bPrionsabail na Bitheolaíochta (1864) a léamh. Cheap Spencer go raibh smaointe cosúla ó thaobh na heacnamaíochta agus teoiric na héabhlóide de aige féin agus ag Charles Darwin. Scríobh Spencer:

Chum Herbert Spencer an frása 'Seasamh na dTréan'
" 'Seasamh seo na dTréan' a bhí mé ag iarraidh a chur in iúl i dtéarmaí meicniúla, is é an rud céanna ar thug an tUasal Darwin 'roghnú nádúrtha' air, nó caomhnú ciníocha a bhfuil fabhar acu sa streachailt ar son na beatha."
("This survival of the fittest, which I have here sought to express in mechanical terms, is that which Mr. Darwin has called 'natural selection', or the preservation of favoured races in the struggle for life.")

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): survival of the fittest” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-03-24.
  2. “bua na hoiriúnachta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-24.