Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu

Is scoil i nGlaschú í Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu, áit a bhfuil an teagasc déanta trí mheán na Gàidhlig.

Bosca Sonraí EagraíochtaSgoil Ghàidhlig Ghlaschu
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmeánscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2006

Suíomh gréasáinglasgowgaelic.glasgow.sch.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an chéad scoil oscailte i 1999 mar "Bunsgoil Ghàidhlig Ghlaschu". Ach ní raibh an foirgneamh mór go leor agus mar sin d'oscail scoil nua, Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu i Lúnasa 2006. Is é sin an scoil Ghàidhlig amháin in Albain a bhfuil naíonra, bunscoil, agus ardscoil lonnaithe i bhfoirgneamh amháin.

Tá Polasaí Teanga acu a deir:

Táimid inár scoil Ghàidhlig agus mar sin tá sé de dhualgas orainn an teanga a spreagadh, a fhorbairt, agus a chleachtadh taobh istigh den scoil agus sa chomharsanacht. Is é príomhchuspóir na scoile eolas agus scileanna teanga na scoláirí a leathnú agus a spreagadh sa Ghàidhlig agus teagasc agus oideachas a sheachadadh ag an leibhéal is airde. [1]

Tá na cúrsaí sa Churaclam Albanach á dteagasc tríd an Ghàidhlig amháin. Tríd an modh teagaisc seo, tagann féinmhuinín ar Ghaeil óga Ghlaschú. Forbraíodh cúrsaí sa cheimic, sa teicneolaíocht, agus sa mhatamaitic ag leibhéal na hardscoile. Tá ranganna ríomhaireachta agus drámaíochta ann freisin. Is í an Ghàidhlig an teanga laethúil ar fud na scoile.

Le cúpla bliain anuas, tá líon na scoláirí ag foghlaim trí mheán na Gàidhlig ag síorfhás. Sa bhliain acadúil ó 2007 go 2008, d'éirigh líon na scoláirí 11% in aghaidh ardú 4% go náisiúnta. Ó 2008 go 2009 bhí timpeall 400 scoláire go léir ann. I 2009/2010 bhí 13% de scoláirí bunscoile agus 25% de scoláirí ardscoile ag foghlaim trí mheán na Gàidhlig ar fud Alban i nGlaschú.[2]

Ina theannta sin, tá cláir cultúrtha ann don chlann, m.sh.: amhráin agus damhsa traidisiúnta, nó píobaireacht. Tabharfaidh seo misneach dóibh páirt a ghlacadh sna comórtais agus taispeántais, sna Mòdan agus feiseanna áitiúla. Leis sin táthar ag súil go mbeidh siad ag tabhairt Gàidhlig amach as an scoil don chomharsanacht.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar