Ceoltóir agus amhránaí de shliocht Éireannach ba ea Shane Patrick Lysaght MacGowan (25 Nollaig 1957 i Kent - 30 Samhain 2023).

Infotaula de personaShane MacGowan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Shane Patrick Lysaght MacGowan
25 Nollaig 1957
Pembury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Samhain 2023
65 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Éire)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Westminster
Holmewood House School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeol, rac-cheol agus punk music (en) Aistrigh
Gairmceoltóir, dearthóir, amhránaí rac-cheoil, aisteoir scannáin, amhránaí, amhránaí is scríbhneoir, liriceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1977 –  2023
Ball de
SeánraCeol tíre agus punc-rac
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Cineál guthaBaratón

UirlisGiotár agus ceol gutha
Teaghlach
CéileVictoria Mary Clarke Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinshanemacgowan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0532287 Allocine: 132973
Spotify: 68lZHeroea1NAuEDsfBUjv Last fm: Shane+MacGowan Musicbrainz: 29bec046-e58b-4b9e-9853-c0bdeb84a5c7 Songkick: 110087 Discogs: 257024 Allmusic: mn0000792831 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhain sé cáil amach ar dtú sna 1980idí mar phríomhamhránaí an bhanna ceoil The Pogues. Ba sa bhliain 1982 i Londain a tháinig na Pogues le chéile agus aithníodh MacGowan mar dhuine de na liriceoirí ba chumasaí riamh i réimse an cheoil chomhaimseartha.[1][2]

An stíl cheoil a bhíodh aige ná meascán idir ceol traidisiúnta na hÉireann agus an punc-rac.[3] B’iad liricí tnúthánacha, spleodracha MacGowan agus an cleamhnas a dheineadar idir an punc agus ceol traidisiúnta na hÉireann ba mhó a thuill cáil do na Pogues. Thuill MacGowan aitheantas thar aon ní eile as a chumas diamhair mar chumadóir amhrán.[4]

Shane MacGowan agus The Pogues sa bhliain 2006.

Saol cuir in eagar

Rugadh MacGowan ar Lá Nollag, 25 Nollaig 1957, i dTunbridge Wells, Kent, Sasana.

 
2006

Ba as Baile Átha Cliath a athair agus Tiobradach a bhí ina mháthair.

Tógadh é ar dtús ar an Aonach, i gContae Thiobraid Árann. Bhí sé sáite ansin sa cheol, sa stair agus sa phoblachtánachas. Dúirt sé gur fhoghlaim sé amhrán amháin gach aon lá ó mhuintir a mháthar agus gur seasta ar bhord na cistine agus é trí bliana d’aois a bhí sé nuair a thug sé a chéad taispeántas poiblí mar amhránaí.[4]

D'fhill MacGowan go Sasana in aois bliana dó. Dála mórán de na carachtair ina chuid amhrán, éan corr ab ea é go minic i Sasana agus é idir dhá shaol agus idir dhá chultúr.

Tugadh scoláireacht dó le freastal ar scoil mór le rá in Westminster. Ach tugadh bata agus bóthar dó agus é sa dara bliain as drugaí a bheith ina sheilbh aige, léiriú ar an saol gan ord ná eagar a bheadh roimhe.[4]

Ba mar Shane O’Hooligan a chuir daoine aithne air i saol an phunc i Londain sna 1970idí. I 1977, agus in aois 18 bliain dó, bhunaigh MacGowan an banna ceoil punc The Nips in éindí lena chailín Shanne Bradley.

 
2008 ag Féile Hal Willner, Rogue’s Gallery. Pirate Ballads, Sea Songs and Chanteys. Analog

1980idí cuir in eagar

Bhain sé an-iomrá amach sna 1980idí lena bhanna The Pogues, mar amhránaí.

Nuair a scoir na Nips in 1982, bhunaigh MacGowan, James Fearnley, Peter ‘Spider’ Stacey agus Jem Finer banna nua, Pogue Mahone, a chuir rompu nasc a dhéanamh idir an punc agus ceol traidisiúnta na hÉireann.

Athraíodh ainm an ghrúpa go dtí The Pogues dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus bhain MacGowan an-iomrá amach sna 1980idí lena bhanna. D’athraigh banna nua MacGowan a n-ainm go dtí na Pogues ar chúiseanna éagsúla, ina measc an doicheall a bhí ag lucht cinsireachta an BBC roimh Pogue Mahone nuair a cuireadh ar a súile dóibh an bhrí a bhí le Póg Mo Thóin.

 
Milk club, Moscó, 29.08.2010 leis na Pogues

Is é Red Roses for Me an chéad albam a chuir na Pogues amach, a tháinig amach i 1984, agus bhí amhráin mar Dark Streets of London, Waxie's Dargle agus Boys from the County Hell i measc na n-amhrán a bhioraigh cluasa agus a mheall lucht leanúna, go háirithe Éireannaigh óga i Sasana.[1]

Fuair na Pogues ardmholadh as a seónna beo fíochmhara agus bhí cur i láthair spleodrach ag MacGowan ar stáitse, beag beann ar éinne. D’iompaigh sé an ‘Ceol Gaelach’ a bhí i réim i dtithe tábhairne Londan san 1980idí bunoscionn ar fad. Chuir sé séala an phuncracaire ar an gceol sin.[5]

 
2011

Bhí tuilleadh amhrán leis ar an dara halbam Rum Sodomy & the Lash, a tháinig amach i 1985, a raibh an-tóir air ar fud an domhain, go háirithe ar an leagan de Dirty Old Town a eisíodh mar shingil.

Bhí an pobal an-tógtha freisin leis an mbailéad Raibiléiseach The Irish Rover a thaifead sé leis na Dubliners i 1987.

Tháinig an albam, If I Should Fall From Grace With God, amach i 1988.

 
Shane MacGowan agus The Popes, sna 1990idí

Ba é MacGowan a scríobh an chuid is mó de na hamhráin a thaifead na Pogues sa ré sin agus ceann dá aistí, Fairytale of New York, tá sé ar cheann de na hamhráin Nollag is aitheanta sa phopcheol. In 1987, cuireadh geall leis nach bhféadfadh sé amhrán Nollag a scríobh agus d'fhreagair sé an dúshlán gan stró le Fairytale of New York a thaifead sé i gcomhghléas le Kirsty MacColl – íníon le Ewan MacColl, an té a scríobh Dirty Old Town.[1]

Ar na hamhráin eile is mó a mheall lucht éisteachta agus lucht critice, bhí ‘The Sick Bed of .Cuchulainn’, ‘Sally MacLennane’, ‘The Body of an American’, agus ‘The Broad Majestic Shannon’ ‘If I Should Fall From Grace With God’.

1990idí cuir in eagar

Ba é Hell’s Ditch, a eisíodh i 1990, a gcúigiú halbam agus an ceann deireanach ag na Pogues le MacGowan.

Tugtha don ól, caitheadh amach as an mbanna é in 1991. Chuir an banna cúig albam amach sular scar siad ón amhránaí.

Ansin bhain MacGowan cáil amach mar phríomhamhránaí lena bhanna féin, The Popes. Bhog MacGowan go dtí Tiobraid Árann, agus cuireadh dhá albam amach, The Snake and The Crock of Gold, a raibh macallaí go leor orthu ó ré órga an amhránaí.[4]

Tháinig na Pogues agus MacGowan le chéile arís in 2001 agus lean siad orthu go dtí 2014.

Pearsanta cuir in eagar

Bhí míchlú áirithe ar MacGowan le linn a shaoil, mar gheall ar a iompar agus de bharr go raibh sé tugtha don ól agus drugaí.

Rugadh mac dó in 1991.

Bhris MacGowan a pheilbheas sa bhliain 2015 agus bhí sé ag brath ar chathaoir rothaí ó shin.[6]

Bhí cúpla mí caite ag Shane MacGowan in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath le linn 2023. Ní raibh ach seachtain caite ó scaoileadh amach as an ospidéal ém nuair a bhásaigh sé ar 30 Samhain 2023.[7][8] Bhí sé 65 bliain d'aois agus bhí sé tinn le hatha fhada. Fuair sé bás le hadhairt ina bhaile féin agus bhí a bhean chéile Victoria Mary Clarke agus a theaghlach lena thaobh nuair a shíothlaigh sé.[1] Bhuail einceifealaíteas víreasach MacGowan in 2022.

 
Scigphictiúr 'Boy from the County Hell' le Brian Whelan, sna 2000idí

Torramh cuir in eagar

San Aonach i gcontae Thiobraid Árann 8 Nollaig 2023 a dúradh aifreann sochraide Shane MacGowan.[9] Sular tugadh a chorp ann, chuaigh an tsochraid trí lár dheisceart Bhaile Átha Cliath le deis a thabhairt do dhaoine a mbeannacht a chur lena anam.[10] Chomh maith le pobal an cheoil a thug gean dó, bhí maithe agus móruaisle shaol na siamsaíochta agus an tsaoil phoiblí ag a shochraid.

Créamadh MacGowan i ndiaidh an Aifrinn Éagnairce agus scaipeadh a chuid luaithrigh sa tSionainn

Gaeilge cuir in eagar

Cuireadh Gaeilge ar chuid de na hamhráin is mó ag na Pogues.[11]

B’iad Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge ar liricí amhráin ar nós A Rainy Night in Soho, agus A Fairytale of New York.

Is iad an t-amhránaí agus an file Marcus Mac Conghail, agus an banna ceoil Feirsteach, The Pogoes, a chas den chéad uair ar stáitse na leaganacha seo de na hamhráin cháiliúla.

Oidhreacht cuir in eagar

Bhí MacGowan sa Táin le fada mar gheall ar a chuid liricí tnúthánacha spleodracha atá lán le híomhánna gléineacha, carachtair bheoga, fiántas agus filíocht. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn faoi gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.”[12][13]

Bhí cuid de mháistrí eile a cheirde, ina measc Bob Dylan, Nick Cave agus Bruce Springsteen, faoi gheasa ag a ghlór garbh suaithinseach agus ag na buanna ar fad a léirigh sé ina shaothar, saothar a tharraing as tobar na litríochta, na staire, na miotaseolaíochta, an chreidimh agus scéal na n-imirceach as Éireann. Dúirt Bruce Springsteen faoi MacGowan in 2020, : “Creidim go láidir go mbeidh dearmad déanta ar ár bhformhór faoi cheann 100 bliain eile ach go mbeidh cuimhne i gcónaí ar cheol Shane agus go mbeidh daoine fós á chanadh. Tá sé go domhain sa nádúr ann – sin mar atá.”[4]

Sa scannán faisnéise a rinne Julien Temple faoi, Crock of Gold, mhaígh MacGowan go magúil gur chuir Dia (arbh Éireannach é, a dúirt an t-amhránaí) ar an saol seo é le ceol na hÉireann a tharrtháil. Tá tionchar an scríbhneora Brendan Behan le cloisteáil uaireanta ina chuid oibre.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2023-11-30). "An t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. Office of the President of Ireland (30 Samhain 2023). "Death of Shane MacGowan / Media Library News Releases" (ga-IE). president.ie. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  3. Micheál Mac an Bheatha. "Grá don gceol? An 'rogha' ó na lipéidí inniu" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-12-16.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 "Shane MacGowan, amhránaí The Pogues agus duine de shárchumadóirí amhrán an fichiú haois, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-11-30). Dáta rochtana: 2023-11-30.
  5. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (5 Nollaig 2023). "Bhí draíocht agus tiomáint ar leith ag baint le Shane MacGowan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-07.
  6. Jasmine Carey (2022-12-12). "The quiet life of Shane McGowan who hated living in 'terrible' Brighton" (en). Sussex Live. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  7. "An t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis" (as ga) (2023-11-30). 
  8. Emma Dooney (2023-11-30). "Shane MacGowan's cause of death after The Pogues star discharged from hospital" (en). The Mirror. Dáta rochtana: 2023-11-30.
  9. "‘Is tú ár laoch, ár ngile mear’ – ómós tugtha do Shane MacGowan ag a aifreann sochraide san Aonach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-08). Dáta rochtana: 2023-12-10.
  10. Nuacht RTÉ (2023-12-08). "Sochraid Shane MacGowan: 'ceannródaí nár ghlac le gnásanna'" (as ga). 
  11. Seán Tadhg Ó Gairbhí (2015). "‘Buinneach ort a phéistín/Ní fiú mo chac thú a bhéistín’/Nollaig Shona mo thóin!’ – Gaeilge curtha ar na Pogues" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-16.
  12. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-12-03.
  13. Conradh na Gaeilge, Londain (2 Nollaig 2023). "‎Nuacht Mhall: (Ard Mhacha)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-03.