Canúint de chuid na hAramaise is ea an tSiricis a bhí á labhairt ar fud an Chorráin Mhéith, tráth. Bhí an tSiricis Chlasaiceach á saothrú mar theanga liteartha ón 4ú go dtí an 8ú haois, agus í ina teanga thábhachtach ag na luath-Chríostaithe sa scríbhneoireacht chráifeach agus sna haistriúcháin ar an mBíobla, Chuaigh an tSiricis a fhad leis an India agus le hiarthar na Síne mar theanga Chríostaí. Ghéill an tSiricis don Araibis ón ochtú haois ar aghaidh, ach má ghéill féin, d’fhág sí a lorg ar chaighdeán scríofa na hAraibise. Is í an aibítir a úsáideann an teanga seo ná an aibítir Shiriceach, agus í bunaithe ar an aibítir Aramach.

Infotaula de llenguaAn tSiricis
ܠܫܢܐ ܣܘܪܝܝܐ

Cineálteanga, teanga naofa agus teanga stairiúil
Úsáid
Dúchasach doŞanlıurfa Province (en) Aistrigh
Stáitan Tuirc
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Seimíteacha
West Semitic (en) Aistrigh
Central Semitic (en) Aistrigh
Northwest Semitic (en) Aistrigh
An Aramais
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaSyriac (en) Aistrigh agus Estrangela (en) Aistrigh
Staidéar agSyriac studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2syc
ISO 639-3syc
Glottologclas1252
Ethnologuesyc
IETFsyc

Inniu féin, tá eaglaisí beaga Críostaí san Áise a shaothraíonn an tSiricis mar theanga naofa.