Smior
Is fíochán leathsholadach é smior (nó smúsach) a fhaightear laistigh den chuid spúinseach (nó “líontánach”) de chnámh.[1] In éin agus i mamaigh, is é an smior an phríomháit ina dtáirgtear fuilchealla nua (próiseas ar a dtugtar “fuilghiniúint” nó “haematapóéis”).[2]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | medulla ossium |
Aitheantóirí | |
MeSH | D001853 |
TA | A13.1.01.001 |
FMA | 9608 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/bone-marrow |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Cuimsíonn smior buí cealla saille, fuileadáin is mionchreatlach ceall eangachúil is snáithíní. Cuimsíonn smior dearg an iliomad cealla fola de gach saghas, chomh maith leis an mbunábhar a ndéantar na cealla sin as. Ag an mbreith bíonn smior dearg an-cheallach i ngach cnámh. Le dul in aois éiríonn an smior níos saillí go dtí nach mbíonn smior dearg ach i veirteabraí, na heasnacha, an steirneam, cnámha leata bhlaosc an chinn is an pheilbhis, agus foircinn uachtaracha an fhéimir is an húiméiris. Dhá fheidhm ar a laghad ag an smior dearg: cruthú chealla dearga na fola (na heiritricítí), na bpláitíní fola, na ngranalaicítí, is ar shlí níos lú, na monaicítí is na limficítí; agus milleadh na seaneiritricítí ídithe (thar 120 lá d'aois).[3]
Cuimsíonn smior thart ar 5% de mhais iomlán an choirp i ndaoine fásta sláintiúla, sa chaoi is go mbeadh thart ar 3.7kg smeara i bhfear a bhfuil 73kg meáchain ann.[4]
Nathanna cainte
cuir in eagar- ”Is Éireannach go smior é” (fíor-Éireannach)
- “Tá sé truaillithe go smior” (lofa amach is amach)
- ”Tá an fuacht dulta go smior ionam” (tá mé préachta)
- “Níl smior ná smúsach ann” (is meatachán é)
- ”smior a bhaint as leabhar” (brí nó tuiscint a bhaint as)
- “an smior chailleach a bhaint as” (ró-úsáid a bhaint as rud éigin)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ C. (2009). "Pathology of bone marrow and blood cells" (2nd ed.). Philadelphia: Wolters Kluwer Health/Lippincott William & Wilkins. ISBN 9780781770934. OCLC 191807944.
- ↑ Arikan (2014). "Haematology of amphibians and reptiles: a review". North-Western Journal of Zoology 10: 190–209.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Smior". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
- ↑ Hindorf (2010). "EANM Dosimetry Committee guidelines for bone marrow and whole-body dosimetry". Eur J Nucl Med Mol Imaging 37 (6): 1238–1250. doi:PMID 20411259. .
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |