Osclóidh seo an príomhroghchlár

Ba phoblachtóir Éireannach agus imreoir pheil ghaelach é Samuel ("Sam") Maguire (Somhairle Mag Uidhir) (1879 - 6 Feabhra, 1927). Cuimhnítear air go príomha mar eapainm Chorn Shomhairle Mhig Uidhir, a thugtar do bhuaiteoirí sinsear uile-Éireann sa pheil ghaelach.

SaolCuir in Eagar

 
Corn

Rugadh Maguire i Meall a' Bhreaca gar do Dhúnmaonmhui sa bhliain 1877.Bhí ceathrar deartháir agus beirt deirfiúr aige. Oileadh é sa Mhódhscoil i nDúnmaonmhuí agus ansin i scoil cháiliúil eile, darbh ainm Scoil an tSléibhe, in Ard Uí bhFicheallaigh in aice le Cloch na Coillte.

Fuair Maguire post sa státseirbhís i Londain agus ghlac sé páirt ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael ann. Ba phoblachtach go smior é agus bhuail sé le Mícheál Ó Coileáin i Londain. Bhí Sam Maguire ar son an tSaorstáit.[1]

BásCuir in Eagar

Bhuail eitinn Maguire agus cailleadh é i Meall a' Bhreaca ar an 6 Feabhra 1927. Tá sé curtha i reilig Naomh Mhuire, Dhúnmaonmhui, i lár an bhaile mhóir. Ní raibh Maguire ach 49 mbliana d'aois nuair a bhfuair sé bás, gan cáil agus gan phingin.

FoinsíCuir in Eagar

  • Sam Maguire (2003) Margaret Walsh. Kenneigh Tower Publications.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Ó GRÁDAIGH, Eoghan (1902–1987)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-05.