Infotaula equipament informàticSony PlayStation
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraithPlayStation Cuir in eagar ar Wikidata
ForbróirSony Interactive Entertainment Cuir in eagar ar Wikidata
DéantóirSony Interactive Entertainment Cuir in eagar ar Wikidata
Lainseáilte3 Nollaig 1994 Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh an tsaoil23 Márta 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
Aonaid a dhíoltar102,400,000 (31 Márta 2012) Cuir in eagar ar Wikidata
StádasScortha
Praghas299 $
299 £ Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
LAPR3000 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáin oifigiúilplaystation.com Cuir in eagar ar Wikidata
PlayStation 2 agus PS one (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
An tríú bord eallóige agus urlámhaí a chuir Sony ar siúl le cluichí ríomhaire a himirt - PS3

Stair Sony agus an PlayStation cuir in eagar

Is é 'Sony' an comhlacht a chur tús leis bPlayStation a chur ar fáil don domhain. Is comhlacht ón tSeapáin í Sony a chur a lán cluichí ríomhaireachta agus bord eallóige ar fáil do dhaoine ar fud an domhain. Chruthaigh Sony rudaí eile cosúil leis ceithre bhord eallóige do raidió (an PlayStation 1, 2, 3 agus 4) , chruthaigh siad seirbhísí ar líne agus ar an idirlíon, chruthaigh siad réimse urlámhaí le húsáid do na bord eallóige do raidió, chruthaigh siad dhá chlár idirláimhe (a raibh iniompartha. Glaofar PlayStation Portable (PSP) nó PlayStation Iniompartha ar.) agus chruthaigh siad réimse gutháin freisin. Tháinig siad amach leis anPlayStation sa tSeapáin i mí na Nollaig, 1994[1] ar chostais 39,800 Yen (€333.85 sa lá atá inniu)[2]. Chuirfeadh ar fáil don Eoraip agus do Mheiriceá sa bhliain 1995.[3]

Stair Sony cuir in eagar

Sa bhliain 1991, bhí Sony agus Nintendo á n-obair le céile chun an PlayStation. Ach, tharraing Nintendo amach ag an nóiméad deireanach ag rá nach raibh siad ag iarraidh obair le Sony níos mó agus d'fhágfadh Sony leo féin chun an PlayStation a chruthú.[4] Chuirfeadh Ken Kutaragi i gceannas ar chruthú an chéad PlayStation agus b'é an príomhcheannaire a chur an chéad PlayStation chun cinn sa bhliain 1994. Glaofar 'an tAthair don PlayStation' é toisc a chuid oibre a rinne sé.[5]

Tá an comhlacht ag fás agus ag forbairt le breis is 26 bhliain anuas agus bíonn Sony i gcónaí ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar a gcuid táirgí. Tá siad ag cur PS5 nua ar an margadh timpeall ar an Samhradh 2020.[6]

Costaisí agus Margadh cuir in eagar

An Chéad PlayStation (PS1) cuir in eagar

Chuirfeadh an chéad PlayStation ar fáil sa tSeapáin ar dtús agus san Eoraip agus Meiriceá níos déanaí. Is táirge é a dhíol breis is 100 milliún gníomhaire sa chéad deich mbliana a raibh sé ar an margadh. B'é PlayStation an chéad chomhlacht a dhíol breis is 100 milliún gníomhaire agus ba rud stairiúil í sin toisc nár tharla sin ríomh cheana féin. Bhí dearadh tanaí ag an mbord eallóige seo agus bhí daoine ábalta dlúthdhiosca a chur inti chun cluichí ríomhaire a himirt ar.[7]

Nuair a tháinig sé ar an margadh sa tSeapáin, bhí costais 39,800 Yen (€333.85 sa lá inniu) air. Ach, nuair a chuirfeadh ar fáil don domhan é sa bhliain 1995 bhí costas 29,800 Yen (€250.41[8] sa lá inniu) air.[9]

 
PS2 agus Urlámhaí

An Dara PlayStation (PS2) cuir in eagar

Tháinig an dara PlayStation amach sa bhliain 2000 (sé bliana tar éis an PS1). Dhíol siad 100 milliún cóip laistigh de cúig bliana agus naoi mí agus dhíol Sony breis is 155 milliún PlayStation 2 timpeall an domhain. B'é an PS2 an bord eallóige is fearr ar domhain ó thaobh de dhíolacháin toisc gur dhíol siad an iomarca aonad don táirge. Ó 2000 - 2013, bhí níos mó ná 4,000 cluiche ar fáil le himirt ar an PS2.[10] Is féidir cluichí ríomhaire a imirt ar an PS2 agus is féidir breathnú a dhéanamh ar scannáin ar an PS2. Tháinig cárta cuimhne amach leis an PS2 agus bhí tú ábalta na himeachtaí go léír a shábháil ar an gcárta cuimhne.

Bhí costas 39,800 Yen (€333.85 sa lá inniu) air nuair a tháinig sé amach.[11] Idir an bhliain 2000 go 2006 d'athraigh praghsanna ar an PS2 agus chur PlayStation roinnt gnéithe éagsúla ar fáil don phobal. Chuir siad cluichí ríomhaireachta agus roinnt urlámhaí ildaite ar fáil don phobal ionas go mbeidh rogha níos leithne ag daoine chun rogha éagsúla a cheannach.[12] Chuir siad cluichí ar nós 'Rachet & Clank (2002)' agus 'Jack & Daxter: The Precursor Legacy (2001)' ar fáil do phobail an PlayStation agus bhí clú agus cáil ar na cluichí sin ag an am.[10]

 
Taispeántas PS3 agus Úrlámhaí Úr nua i dTokyo

An Tríú PlayStation (PS3) cuir in eagar

Tháinig an tríú PlayStation amach sa bhliain 2006. Dhíol Sony níos mó ná milliúin aonad i dtrí sheachtain nuair a tháinig siad amach leis an PS3.[13] Bhí an PS3 i bhfad níos teicniúla ná an PS2 agus bhí líonra PlayStation ar fáil ar an PS3 ina raibh daoine ábalta dul i dteagmháil lena chéile agus cluichí a imirt lena chéile fad is a bhí idirlíon acu agus más rud é go raibh próifíl líonra acu.[10] Bhí costas 49,980 Yen (€421.21 sa lá inniu) nuair a chuirfeadh ar fáil don domhan í. Bhí tú ábalta an PSP (PlayStation Iniompartha) agus an PS Vita a nasc lena chéile agus na cluichí PS3 a imirt ar na boird eallóige a bhí níos lú ná na cluichí a imirt ar teilifís ollmhór. Bhí ard - chaighdeán grafaicí ar an PS3 agus bhí na grafaicí i bhfad níos fearr ná na grafaicí ar an PS1 agus PS2 toisc forbairt na teicneolaíochta.[10]


 
PS4 agus Urlamhaí

An Ceathrú PlayStation (PS4) cuir in eagar

Is í an PlayStation 4 an PlayStation is nua-aimseartha atá Sony tar éis cruthú. Chruthaigh siad an PS4 sa bhliain 2013 ach thosaigh siad á gcruthú an PS4 sa bhliain 2008.[14] Is féidir guthán póca agus táibléad nua - theicneolaíochta a húsáid chomh maith chun an PS4 a himirt. Is féidir dul i dteagmháil leis na meáin shóisialta chomh maith chun do thaithí leis na cluichí a roinnt ar na meáin agus ar an Líonra ar an PlayStation. Bhí an - suim ag Sony seans a thabhairt do dhaoine chun a gcluichí ríomhaireachta a imirt in aon áit gur mhian leo agus bhain siad bua as na hacmhainní agus an teicneolaíocht a raibh ar fáil dóibh mar gur éirigh leo sin a dhéanamh.[15] B'í an PS4 an PlayStation leis na grafaicí is fearr as na PlayStation go léir atá Sony tar éis cruthú. Tá grafaicí 4K ag an PlayStation 4.[10]

PlayStation Tanaí (PS4 'Slim') cuir in eagar

Chuir Sony an PlayStation Tanaí ar an margadh. Bhrandáil siad í faoin PS4. Chuir siad amach ar an margadh í ar an 7ú Meán Fómhair, 2016. Chuirfeadh an PS4 Tanaí chun cinn toisc go bhfuil sí 40% níos lú ná an PS4 a sheol siad amach ar an margadh i 2013. Chuir Sony dath liath in ionad dubh ar agus bhain siad agus chuir siad leis an táirge í fhéin. Bhain siad port don fhuaim agus d'athraigh siad an t-Urlámhaí a raibh ann ionas go mbeidh daoine ábalta an solas a fheiceáil ó bharr an t-urlámhaí chun a rá má raibh gá le luchtú ar chur ar an Urlámhaí. Bhí costas céanna ar an PS4 Tanaí leis agus PS4 a tháinig amach trí bhliain roimhe.[16]

PlayStation Proifisiúnta (PS4 'Pro') cuir in eagar

Chur Sony an PlayStation 4 Pro amach ar an margadh ag an am céanna leis an PS4 Tanaí. Chuirfeadh amach í ar an 7ú Meán Fómhair , 2016. Tá níos mó chumhacht ag an PS4 Pró ná atá ag an PS4 Tanaí agus tá níos mó crua - earraí ríomhaireachta ag an PS4 Pro freisin. Chruthaigh Sony an PS4 Pro ionas go mbeidh daoine ábalta cluichí ríomhaireachta áirithe a imirt ar grafaicí níos airde ná mar a bheidh le haon bhord eallóige roimhe. Is féidir na cluichí céanna a himirt agus an PS4 agus PS4 Pro, ach beidh ná grafaicí níos fearr do chluichí áirithe ar an PS4 Pro ná mar a bheadh ar an PS4. B'í an PS4 Pro an bord eallóige is fearr ó thaobh na grafaicí de thoisc gur féidir na cluichí a imirt ar chaighdeán níos airde ná aon PlayStation eile.[16]

 
Lógó PS5
An Cúigiú PlayStation (PS5) cuir in eagar

Beidh an PlayStation nua ag teacht amach sa samhradh 2020. Ach níl dáta cinnte ag Sony go fóill. Beidh daoine ábalta cluichí ón PS4 a imirt ar an PS5. Níl praghas cinnte fóis ach deir Sony go mbeidh praghas réasúnta ar.[6]

Beidh na grafaicí ar ard - leibhéal cosúil leis na PlayStation uilig agus beidh na grafaicí ar 4k chomh maith. Dúirt Sony go mbeidh grafaicí níos fearr ar chluichí a thógann 100GB den aonad stóráilte, mar go bhfuil an teicneolaíocht ann sa PS5 agus toisc go bhfuil grafaicí 4k ann sa PS5. Dúirt siad go mbeidh grafaic ar chluichí cosúil le 'Marvel's Spider-Man' níos fearr toisc go bhfuil na grafaicí agus an teicneolaíocht níos fearr.[17] Beidh daoine ábalta páirteanna difriúla a híoslódáil ar an PS5, in ionad an chluiche iomlán a huaslódáil agus a chur ar an stóráil, beidh siad ábalta páirteanna éagsúla a huaslódáil ar an PS5. Ciallaíonn sin go mbeidh daoine ábalta an feachtas nó an pháirt ilimeartha amháin a huaslódáil mura raibh siad ag iarraidh páirt áirithe a himirt.[17]

Tá Sony ag déanamh iarracht fuinneamh a shábháil leis an PS5 nua. Beidh tú ábalta cnapa a bhrú agus beidh tú á shábháil fuinneamh agus ní bheidh an méid céanna leictreachas á n-úsáid ag an PS5.[6]


Córas Cluichí Idirláimhe cuir in eagar

PlayStation Portable (PSP) - PlayStation Iniompartha cuir in eagar

Chuir Sony PlayStation Iniompartha ar an margadh sa bhliain 2004 le praghas 20,900 Yen uirthi (€177.12 sa lá inniu).[18][12] Tháinig an PSP ar an margadh tar éis an PS2 ach roimh an PS3. Is féidir an PSP a thóg leat timpeall na háite agus is féidir cluichí a imirt uirthi. Is féidir leis an PSP a chur i do phóca agus é a choimeád ansin nuair atá tú á shiúl ó áit go háit. Is féídir cluiche a imirt uirthi, is féidir féachaint ar scannáin agus éist le ceol ar an PSP. Is féidir dul ar an idirlíon uirthi chomh maith. Nuair a tháinig an PSP amach, tháinig réabhlóid ar an mbealach a d'imir daoine cluichí ríomhaireachta.[10] B'í an PSP an chéad chóras idirláimhe a raibh ábalta dul in iomaíocht leis aon rud a chur Nintendo amach roimhe faoin gcóras cluichí idirláimhe.[16]

PSP Thanaí cuir in eagar

Bhí réimse éagsúla agus módúil difriúla ann don PSP a chur Sony amach. Chuir siad 'PSP Slim' (PSP Thanaí) amach agus bhí tú ábalta lucht a chur uirthi toisc go ndearna siad stáisiúin iniompartha a chur amach ionas go mbeidh tú ábalta lucht a chur ar an PSP má bhí tú amach agus mura raibh tú ábalta lucht a chur uirthi toisc nach raibh tú sa bhaile. Chuir siad an PSP Tanaí ar an margadh sa bhliain 2007.[16] Tá an PSP Tanaí níos lú agus níos éadroime ná an bhunchóip PSP ach bhí ceallra céanna ag an PSP Tanaí cé go raibh sí níos éadroime agus níos lú.[19] Bhí tú ábalta an PSP Tanaí a cheangal leis an teilifís agus athfhéachaint a dhéanamh ar shean chluichí nó ar scannáin chomh maith [19]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Business Development/Japan | CORPORATE INFORMATION | Sony Computer Entertainment Inc.". web.archive.org (2007-12-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-17. Dáta rochtana: 2020-03-25.
  2. "39800 JPY to EUR | Convert Japanese Yen to Euros | XE". www.xe.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  3. "PlayStation through the years" (en-gb). Playstation. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2020-03-26.
  4. "PlayStation" (as en) (2020-03-18). Wikipedia. 
  5. "'Father of the PlayStation' adopts new startup - News at GameSpot". web.archive.org (2010-03-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-03-03. Dáta rochtana: 2020-03-26.
  6. 6.0 6.1 6.2 "PlayStation 5: What We Know About Specs, Backwards Compatibility, Games, Release Date, Price, Controller, And More" (en-US). GameSpot. Dáta rochtana: 2020-04-03.
  7. "PlayStation through the years" (en-gb). Playstation. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2020-03-26.
  8. "29800 JPY to EUR | Convert Japanese Yen to Euros | XE". www.xe.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  9. "Business Development/Japan | CORPORATE INFORMATION | Sony Computer Entertainment Inc.". web.archive.org (2007-12-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-17. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 10.5 "PlayStation through the years" (en-gb). Playstation. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-26. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  11. "39800 JPY to EUR | Convert Japanese Yen to Euros | XE". www.xe.com. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  12. 12.0 12.1 "Business Development/Japan | CORPORATE INFORMATION | Sony Computer Entertainment Inc.". web.archive.org (2007-12-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-12-17. Dáta rochtana: 2020-03-31.
  13. Tom Bramwell (2009-09-24). "New PS3 has sold over one million" (en). Eurogamer. Dáta rochtana: 2020-03-31.
  14. "PlayStation 4 Revealed - IGN" (as en) . 
  15. "SONY COMPUTER ENTERTAINMENT ANNOUNCES ITS NEXT GENERATION PORTABLE ENTERTAINMENT SYSTEM". web.archive.org (2013-04-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-04-24. Dáta rochtana: 2020-03-31.
  16. 16.0 16.1 16.2 16.3 "PlayStation" (as en) (2020-03-18). Wikipedia. 
  17. 17.0 17.1 "Exclusive: A Deeper Look at the PlayStation 5—Haptics, UI Facelift, and More" (en). Wired. Dáta rochtana: 2020-04-04.
  18. "20790 JPY to EUR | Convert Japanese Yen to Euros | XE". www.xe.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.
  19. 19.0 19.1 Tracy Erickson. "Hands on with PSP Slim" (en). www.pocketgamer.com. Dáta rochtana: 2020-04-02.

Naisc sheachtracha cuir in eagar