Seó bóthair a mbíonn gleacaithe, fir ghrinn (áilteoirí), ainmhithe agus siamsóirí eile, páirteach ann Istigh i bpuball mór cruinn agus feistithe a bhíonn sé go minic, in áiteanna éagsúla ar thaobh an bhóthair [1]

'The circus encampment' in Éirinn is dócha 1901, de chuid Sarah Purser
Sorcas

Bíonn carbháin ildaite lucht an tsorcais bailithe ina thimpeall, b'fhéidir. Bíonn súil le himeachtaí gan choinne taobh istigh; bíonn súil leis an mistéir, an draíocht is an spraoi.[2]

De réir an traidisiúin, is áilteoir a chuireann tús le himeachtaí  an tsorcais

An sorcas sa litríocht agus i scannáin cuir in eagar

Is minic an sorcas in úsáid sa litríocht agus i scannáin. Ba iad lucht an tsorcais a mheall Pinocchio ag  tús an scéil sin faoin mbuachaillín a chruthaíodh as adhmad i dTuscáin na hIodáile,  agus d’úsáid an stiúrthóir scannán as an Iodáil Fellini an sorcas go minic ina shaothar. ‘The Carnival by the Sea’ a thug an scríbhneoir Meiriceánach F Scott Fitzgerald ar an saol ab ansa leis.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: sorcas" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.
  2. 2.0 2.1 Ciarán Ó Cualáin (19 Lúnasa 2022). "Tá an sorcas tagtha go dtí an Ghaeltacht agus Gaeilge líofa ag an gcró-mháistreás!" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.