Hairicín Helene, 2024
Spéirling ollmhór a bhuail deisceart na Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Mheán Fómhair 2024, ab ea Hairicín Helene. Ní raibh aon choinne ag muintir North Carolina, go háirithe, leis an scrios agus an t-uafás a lean Hairicín Helene.[1] Bhí sí ar cheann amháin de na stoirmeacha is cumhachtaí riamh a bhuail Carolina agus bhí go leor damáiste déanta aici.
Hairicín catagóir 4 () | |||||
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Hurricane Helene (fr) Ouragan Hélène (el) Τυφώνας Χέλεν | ||||
---|---|---|---|---|---|
Imchuach aigéin | Muir Chairib, Murascaill Mheicsiceo agus Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Cuid de | 2024 Atlantic hurricane season (en) | ||||
Tréimhse | 24 - 27 Meán Fómhair 2024 | ||||
Gaotha marthanacha uasta | 225 km/h | ||||
Brú atmaisféarach is ísle | 938 hPa | ||||
Imeachtaí
cuir in eagarTháinig an spéirling i dtír i Florida. Bhain gaotha na spéirlinge 225 ciliméadar san uair amach in Florida. Chuaigh sí i léig i ndiaidh tamaill. Bhí rabhadh tornádó eisithe níos faide ó thuaidh.
Ba iad Florida, Georgia, South agus North Carolina na stáit ina raibh formhór den damáiste déanta. Fuair níos mó ná 160 duine bás agus bhí i bhfad níos mó ar iarraidh.
Cnámh spairne pholaitiúil
cuir in eagarAgus Feachtas Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024 faoi lánseol, chuir Donald Trump ina leith Joe Biden agus Kamala Harris gur ag cur i gcéill a bhí siad.[2] Ní raibh na seirbhísí tarrthála in ann teacht i gcabhair ar dhaoine go ceann roinnt mhaith uaireanta. Mar bharr ar an donas ní raibh práinnfhreagairt na n-eagraíochtaí stáit agus feidearálacha thar mholadh beirte. Fágadh muintir North Carolina in umar na haimléise go háirithe.
Spéirling Milton
cuir in eagarBhuail Spéirling Milton Florida timpeall 9/10 Deireadh Fómhair. Is cinnte go marófaí tuilleadh daoine murach gur ordaíodh do na milliúin aslonnú agus murach haistí a bheith sparrtha le hucht na stoirme.[3] Ach aon uair amháin eile, d'éirigh Milton ina chnámh spairne pholaitiúil.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-27). "Daoine maraithe agus go leor damáiste déanta ag Spéirling i SAM" (as ga-IE).
- ↑ "Trump makes false claims about federal response as he campaigns in area ravaged by Hurricane Helene" (en). AP News (2024-09-30). Dáta rochtana: 2024-10-01.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-10). "Spéirling Milton lagaithe ach damáiste mór déanta aici" (as ga-IE).