Speictriméadar ionsúcháin adamhaigh
Úsáidtear speictriméadar ionsúcháin adamhaigh chun anailís a dhéanamh ar mhiotail throma, amhail luaidhe agus caidmiam, in uisce.
Féadtar méid na dúile i sampla a mheas trí ionsú na radaíochta ag adaimh shaora na dúile sin in ionstraim den chineál seo.
Tuaslagtar an sampla ar a bhfuil anailís le déanamh agus tugtar isteach san ionstraim mar sprae mín é. Tiontaítear i lasair go hadaimh na dúile ar a bhfuil anailís le déanamh. Gineann lampa speisialta, ina bhfuil an dúil atá i gceist ina chatóid, solas atá saintréitheach den dúil sin. Cuirtear an solas seo tríd an sampla adamhaithe, agus ionsúnn sé é.
Tá speictriméadracht ionsúcháin adamhaigh (SIA) úsáideach go háirithe chun anailís a dhéanamh ar rianmhiotail. Tá cuid mhór feidhmeanna a bhaineann léi, mar shampla, chun anailís a dhéanamh ar luaidhe san fhuil sna hoibrithe i mianaigh luaidhe.