An difríocht idir athruithe ar: "Moosajee Bhamjee"

polaiteoir Éireannach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le '{{Bosca Sonraí Polaiteoir |ainm =Moosajee Bhamjee |íomhá = |teideal1 =Teachta Dála |dátaí1 =25 Samhain 1992 – [[6 ...'
(No difference)

Leagan ó 22:18, 21 Meitheamh 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Is iar-pholaiteoir Éireannach de chuid Páirtí an Lucht Oibre é Dr. Moosajee Bhamjee (rugadh é 4 Nollaig 1947). Ba é an chéad Teachta Dála Muslamach in Éirinn.

Rugadh Moosajee Bhamjee i bPietermaritzburg na hAifrice Theas sa bhliain 1947. Inimirceach ón Ind sa bhliain 1906 ab ea a athair a thosaigh siopa crua-earraí ann. Fuair sé bás sa bhliain 1964 agus socraíodh go leanfadh mac amháin ag obair sa siopa agus go leanfadh mac eile ag staidéir. Thaistil Bhamjee go Baile Átha Cliath sa bhliain 1965 chun freastal ar Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn . Bhí beirt deartháir aige ag staidéir leighis i mBaile Átha Cliath ag an am céanna. Tar éis dó céim leighis a bhaint amach, d'fhill sé go dtí an Aifric Theas agus thosaigh sé ag obair mar dhochtúir ginearálta. D'fhill sé go hÉirinn sa bhliain 1975 agus phós sé cailín a bhí aithne aige uirthi ó bhí sé ina mac léinn i mBaile Átha Cliath. Bhog siad go Gaillimh agus níos déanaí go Corcaigh áit ar oileadh é mar shíciatraí. Thosaigh sé i bpost buan in Ospuidéal in Inis, i gContae an Chláir, 20 míle ó mhuintir a bhean chéile.

Chuaigh Bhamjee isteach i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1991 agus roghnaigh é mar iarrthóir don pháirtí i ndáilcheantar an Chláir in olltoghchán na bliana 1992. Toghadh é, rud nach raibh éinne ag súil leis, de réir an bhorrtha ar líon vótaí Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán sin. Chuaigh Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas le Fianna Fáil tar éis an olltoghcháin ach bunaíodh comhrialtas nua idir Páirtí an Lucht Oibre, Fine Gael agus an Daonlathas Clé dhá bhliain níos déanaí. Bhí Bhamjee mar chúlbhinseoir an t-am go léir agus lean sé ag obair mar shíciatraí. Níor sheas sé sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1997 agus chaill an páirtí an suíochán i gClár.