An difríocht idir athruithe ar: "Aicsím"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Tairiscint a ghlactar a bheith fíor agus ar féidir staidéar eile a bhunú uirthi. Is iad aicsímí gheoiméadracht Eoiclíd na haicsímí is cáil...'
 
m naisc
Líne 1:
Tairiscint a ghlactar a bheith fíor agus ar féidir staidéar eile a bhunú uirthi. Is iad aicsímí [[Geoiméadracht|gheoiméadracht]] [[Eoiclídéas|Eoiclíd]] na haicsímí is cáiliúla, mar atá: (a) is féidir [[líne dhíreach]] a tharraingt ó phointe amháin go pointe eile; (b) is féidir líne chríochta dhíreach a shíneadh ag an dá cheann; (c) is féidir [[ciorcal]] a tharraingt i gcónaí le pointe ar bith mar lárphointe is le ga ar bith; (d) is comhionann aon dá dhronuillinn; (e) má bhuaileann líne dhíreach le dhá líne dhíreacha eile ionas go bhfuil an dá uillinn ar thaobh amháin di níos lú ná dhá dhronuillinn nuair a shuimítear iad, tiocfaidh an dá líne eile le chéile ar an taobh sin den chéad line. Shaothraigh [[David Hilbert|Hilbert]] sraith aicsímí níos iomláine déine don gheoiméadracht Eoiclídeach i [[1899]]. Is comhghnásach bunús aicsímeach a bheith faoi gach cineál matamaitice anois.
 
{{Fréamh an Eolais}}