An difríocht idir athruithe ar: "Sliabh Pinatubo"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
(Leathanach cruthaithe le 'Bolcán sna hOileáin Fhilipíneacha a bhrúcht go pléascach i 1991 agus a theilg ceathanna carraigeacha, cloch, deannaigh, luaithr...')
 
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Bolcán sna h[[Na hOileáin Fhilipíneacha|Oileáin Fhilipíneacha]] a bhrúcht go pléascach i [[1991]] agus a theilg ceathanna carraigeacha, cloch, deannaigh, luaithrigh is [[gás]] suas go dtí 25 km, ag milleadh na mbailte mórthimpeall. Níos mó ná bliain ina dhiaidh sin, bhí an sliabh ag pléascadh, ar scála níos lú, os cionn 500 uair gach lá agus béal an bholcáin ag méadú an t-am ar fad. Lean an próiseas seo 3-4 bhliain eile. Ní gnáthlaibhe a rith amach as an mbolcán seo, ach stuif ar a dtugtar ''lahar'' nach bhfuil chomh leáite ná chomh te le laibhe, ach a ritheann i bhfad níos tapa. Tá an lahar seo tar éis gleannta is fiú foithreacha aibhneacha 100 m ar doimhneacht a líonadh, agus ghearr na haibhneacha cúrsaí nua dóibh féin. De bhrí gur fhan an oiread sin den bhunbhrúchtadh thuas sa [[strataisféar]], cuireadh bac ar [[radaíocht]] [[An Ghrian|na Gréine]] agus rinneadh dochar don [[Ciseal ózóin|chiseal ózóin]]. Meastar gur laghdaigh an bac seo meánteocht [[An Domhan|an Domhain]] 0.5 °C thar bhliain nó dhó i ndiaidh an bhrúchta.
 
{{Fréamh an Eolais}}
19,799

edits