An difríocht idir athruithe ar: "Stair na hÉireann"

Content deleted Content added
m Ceartaíodh nasc
→‎Luathstair na hÉireann: Naisc: Í Chaluim Chille, Ogham (faoin íomhá)
Líne 15:
Cé go raibh Éire suite taobh amuigh d'[[Impireacht na Róimhe]], chuaigh an cultúr Rómhánach go mór i bhfeidhm ar na luath-Éireannaigh. Na hiarsmaí seandálaíochta ón [[An tSean-Róimh|tsean-Róimh]] a fuarthas in Éirinn, is féidir iad a aicmiú de réir na tréimhse a mbaineann siad léi. Téann an chéad ghrúpa siar go dtí an chéad agus an dara haois i ndiaidh bhreith Chríost, agus an dara grúpa go dtí an ceathrú haois agus an t-am ina diaidh. Tháinig iarsmaí an chéad ghrúpa go hÉirinn tríd na bealaí trádála, ach is dócha nach raibh an trádáil sin seanbhunaithe ná coitianta. Nuair a casadh iarsmaí an dara grúpa in Éirinn, bhí an tír i ndlúth-theagmháil leis an tsibhialtacht Rómhánach.
 
[[Íomhá:OghamAlpha.png|thumb|200px|An tOghamt[[Ogham]]. In úsáid ón [[4ú haois]] - t.[[10ú haois]].]]
B'é ba chúis leis an dlúth-theagmháil seo ná go raibh cumhacht na Róimhe ag titim as a chéile sa Bhreatain, agus cead ag na hÉireannaigh ansin dul ag foghlaíocht timpeall an chósta. Bhunaigh na ríochtaí beaga Éireannacha coilíneachtaí freisin ar chósta na [[An Bhreatain|Breataine]], go háirithe sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]]. Creidtear, mar shampla, gur tháinig ainm na leathinise úd ''Llŷn'' (Béarla: ''Lleyn Peninsula'') ó ''[[Cúige Laighean|Laighin]]'' in Éirinn.
 
B'í an choilíneacht Éireannach ba tábhachtaí ná an ceann a bunaíodh in Albain, ar ndóigh. Go bunúsach, b'í an ríocht bheag úd ''Dál Riada'' i dtuaisceart na hÉireann, i gcósta thuaidh [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] mar a fheictear dúinn inniu, ba thúisce a thrasnaigh [[Sruth na Maoile]] le buanáitreabh a chur ar bun ar an taobh thall. Níltear cinnte faoin am ar tharla an chéad trasnáil, ach is féidir go bhfuil úimléid éigin ag baint leis an leagan a thugann le fios gurbh iad Fearghus Mór mac Eirc agus a chlann mhac an chéad dream a bhuail port in Albain thar cionn Dhál Riada, sa chúigiú haois. Nuair a bhunaigh [[Colm Cille]] a mhisiún in [[Í Chaluim Chille|Oileán Í]] sa bhliain [[563]], bhí ríocht nár bheag ansin cheana féin, agus rí Dhál Riada ag cur síorchogaí ar na Piochtaí le tuilleadh tailte a ghabháil. De réir a chéile, shealbhaigh Dál Riada tailte na bPiochtaí go léir, agus faoi lár na naoú haoise, d'aontaigh [[Coinneach Mac Ailpín]] in aon ríocht amháin iad.
 
San am sin, chuaigh an cultúr Rómhánach go mór mór i bhfeidhm ar Éirinn. Fuair an Ghaeilge an chéad chupla focal ar iasacht ón [[Laidin]], chomh maith leis na coincheapa a raibh siad ag tagairt dóibh. Maidir leis an [[Ogham]]chraobh - an córas litrithe a húsáideadh sna hinscríbhinní ba sine Gaeilge - glactar leis nach raibh inti ach cód a sheas do litreacha na haibítre Laidiní, ós rud é go bhfuil tuiscint ghramadóirí comhaimseartha na Laidine ar fhuaimeanna na teanga sin le haithint ar aicmiú na litreach Oghaim. Fuarthas cuid mhór oghamchloch sa Bhreatain Bheag freisin, sna háiteanna a raibh cónaí ar choilínitheoirí Éireannacha.