An difríocht idir athruithe ar: "Lotika Sarkar"
Leathanach cruthaithe le '{{WD Bosca Sonraí Duine}} Dlíodóir agus scoláire feimineach ceannródaíoch de chuid na hIndia ab ea '''Lotika Sarkar''' (4 Eanáir [[1923]...' |
(No difference)
|
Leagan ó 17:42, 23 Feabhra 2021
Dlíodóir agus scoláire feimineach ceannródaíoch de chuid na hIndia ab ea Lotika Sarkar (4 Eanáir 1923 – 23 Feabhra 2013).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Eanáir 1923 Beangál Thiar, An India |
Bás | 23 Feabhra 2013 90 bliana d'aois Deilí, An India |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Newnham, Cambridge Scoil Dlí Harvard |
Gníomhaíocht | |
Gairm | dlíodóir |
Fostóir | Ollscoil Deilí |
Saol
Ó thaobh Ollscoil Cambridge de, ba í an chéad bhean de bhunadh na hIndia a fuair céim uaithi agus an chéad bhean d'aon náisiúntacht ar ar bronnadh dochtúireacht sa dlí.
Ba í an chéad bhean a ceapadh ina léachtóir le dlí in Ollscoil Delhi, áit a raibh sí ar an bhfoireann teagaisc ó 1953 go 1983, tréimhse mar Dhéan san áireamh. Ina dhiaidh sin, lean sí ar aghaidh ag múineadh an dlí choiriúil in Institiúid Dlí na hIndia ar feadh blianta fada eile.
Feimineachas
Ball den Choimisiún um Stádas na mBan san India go luath sna 1970idí agus comhbhunaitheoir den Lárionad um Léann Forbartha Ban (sa bhliain 1980) agus den Chomhlachas Indiach um Léann na mBan (sa bhliain 1982), bhí tionchar mór aici ar dhíospóireachtaí san India maidir le cearta na mban, go mór mór maidir leis an dóigh a gcaitheann an córas dlí choiriúil leis an bhforéigean gnéasach.
Tagairtí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |