Leathanach cruthaithe le 'Foinse solais i gcomhair grianghrafadóireachta a tháirgeann solas láidir an-ghairid nuair a dhíluchtaítear toilleoir trí fheadán folúsaithe le rian x...'
FoinseIs éard is '''splanc leictreonach''' ann ná foinse [[Solas|solais]] i gcomhair grianghrafadóireachta a tháirgeann solas láidir an-ghairid nuair a dhíluchtaítear toilleoir trí fheadán folúsaithe le rian xéanóin ann. Níl an feadán seoltach go ndéantar toilleoir eile a dhíluchtú tríd an 3ú leictreoid atá mórthimpeall an fheadán splaince is a spreagtar ag tadhaill i gcomhla an [[Ceamara|cheamara]]. Is amhlaidh a ianaíonn an ghníomhaíocht seo an xéanón sa bhfeadán, á ullmhú ina sheoltóir don phríomhsplanc. Maireann an splanc 0.001 [[soicind]] (1/1000 s) de ghnáth. Athraítear an t-aschur solais don nochtadh go leanúnach uathoibríoch le monatóiriú an tsolais le fótaichill agus fad na splaince a athrú le feiste tíreastóra síos go dtí timpeall 0.00002 soicind.