Dún na Séad

baile i gContae Chorcaí

Baile cósta i gContae Chorcaí is ea Dún na Séad[1] (Baltimore as Béarla). D'eascair an leagan Béarla den logainm ó ainm Gaelach eile ar an áit, mar atá, Baile an Tí Mhóir. Bhí an baile ina dhaingean ag Muintir Uí Dhrisceoil, a bhí ina dtrádálaithe agus ina bhfoghlaithe mara sa cheantar sin tráth. Tá caisleán dá gcuid suite i lár an bhaile go fóill. Rinneadh athchóiriú air seo le déanaí agus is díol spéise do thurasóirí anois é.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún na Séad
Baltimore (en)
Dún na Séad (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°29′N 9°22′W / 51.48°N 9.37°W / 51.48; -9.37
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán377 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde26 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1607
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistP81 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1416559

Stair cuir in eagar

Rinne foghlaithe mara ón Ailgéir an baile a ionsaí sa bhliain 1631, agus rug siad cuid mhór de mhuintir an bhaile ar ais chun na hAfraice leo mar sclábhaithe.

Bhí Rose Dugdale sa bhuíon a rinne creach ar Theach Russborough i gContae Chill Mhantáin sa bhliain 1974. D’éalaigh sí as sin go tigín i measc na gcrann ar na bunchnoic sceirdiúla i nDún na Séad. Ach ní raibh na gardaí i bhfad ag breith ar Dugdale.[2][3]

Turasóireacht cuir in eagar

Is ionad mór turasóireachta é Dún na Séad. Tá cuid mhaith staire ag baint leis an áit agus tá sé ina lárionad iompair go dtí na hoileáin máguaird.

Féach freisin cuir in eagar

  • "Baltimore" (R-A), scannán fada de chuid Joe Lawlor agus Christine Molloy, a tháinig amach in 2024.[4][3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dún na Séad/Baltimore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Mairéad Ní Nuadháin (28 Deireadh Fómhair 2022). "Bhí saol ar a suaimhneas ag muintir Beit nó gur chuala an Dr Rose Dugdale fúthu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-19.
  3. 3.0 3.1 Pat Butler (22 Márta 2024). "Dúcheist gan réiteach ab ea scéal Bridget Rose Dugdale" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-22.
  4. "Baltimore (film)" (as en) (2024-03-06). Wikipedia. 

Naisc Sheachtracha cuir in eagar