Cnaguirlis é foireann drumaí, atá comhdhéanta de dhrumaí, ciombail agus uaireanta cnaguirlisí eile (mar shampla clog bó, bloc adhmaid, clingíní, tambóirín, gangdhruma agus araile), atá eagraithe in aice le chéile do dhrumadóir amháin ina aonar. Buailtear iad le bata druma, nó scuaba agus mailléid chomh maith. I gcás an dord-druma agus an ard-hata, buailtear iad le troitheáin.

WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilFoireann drumaí
Cineálcnaguirlis agus sets of double-skin cylindrical drums with single playing heads (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs211.212.21
Gairm ealaíontadrumadóir
Na drumaí atá le fáil i bhfoireann drumaí, de ghnáth: 1 dord-druma, 2 tam urláir, 3 sreangdhruma, 4 tam tam, 5 ciombal ard-hata, 6 ciombal creatháin, ciombal plimpe

Is féidir na drumaí agus na ciombail éagsúla a chur le chéile in aon fhormáid, agus breathnaíonn sé ar an saghas ceoil atá i gceist. Mar shampla, i rac-cheol is iad an sreangdhruma agus an dord-druma a úsáidtear chun an buille a chruthú, ach i snagcheol cuirtear an bhéim ar an ard-hata agus an ciombal creatháin.

Comhbhaill coitianta cuir in eagar

Trealamh eile cuir in eagar

Gléas eile a úsáidtear uaireanta ná méadranóm, meaisín a chruthaíonn fuaim ar gach buille. Leis an méadranóm, bíonn an drumadóir in ann an buille a choimeád i gceart. Ceapann drumadóirí eile go bhfuil an méadranóm ró-chruinn, agus dá thoradh sin beagáinín mí-nádúrtha.

Tagairtí cuir in eagar