Cathair san Eilvéis atá suite i limistéar Baden i gcantún Aargau is ea Spreitenbach. Tá an baile suite i nGleann Limmat (Limmattal sa Ghearmáinis). Bhí 11,253 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2015.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilSpreitenbach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 47°25′05″N 8°21′58″E / 47.41811°N 8.3661°E / 47.41811; 8.3661
Tíran Eilvéis
Cantún san Eilvéiscantún Aargau
District of the canton of Aargau (en) AistrighBaden District (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán11,788 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,370.7 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla8.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLimmat Cuir in eagar ar Wikidata
Airde417 m-415 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist8957 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód056 Cuir in eagar ar Wikidata
Swiss municipality code (en) Aistrigh4040 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinspreitenbach.ch Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an chathair lonnaithe soir ó theas ó lár an limistéir, díreach ar an teoireann leis an cantún Zurich. Tá sé ar cheann de na cathracha is lú san Eilvéis. San Eilvéis, caithfidh 10,000 duine nó níos mó i lonnaíocht chun a bheith luaite mar chathair. Chaith an cúlaí Diego Benaglio, ball d'fhoireann náisiúnta sacair na hEilvéise, a óige ann.

Spreitenbach

Stair cuir in eagar

Ba in 1124 a rinneadh an chéad tagairt do Spreitenbach atá taifead ar sa stair. Bhí a lán clochar ann sa tréimhse sin agus ba iad Ridirí Schönenwerd (in Dietikon) na tiarnaí talún ab oirirce ann. B'éigean dóibh a dtiontuithe feirmeoireachta go léir a dhíol do Mhainistir Wettingen idir 1274 and 1287.

[...]

An Pholaitíocht cuir in eagar

Tá dualgais reachtaíochta ag an tionól bardasach ina mbíonn na baill tofa. Is í an chomhairle bhardasach an t-úsarás feidhmeannais. Tréimhse cheithre bhliain a bhíonn ag na baill, agus roghnáitear iad de réir vóta tromlaigh an phobail. [...]