Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig
Is eagraíocht forbartha í Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig a oibríonn i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla ar fud na hAlban chun foilsiú agus dáileadh acmhainní teagaisc i nGàidhlig a chomhordú. Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1999 agus tá a phríomhoifig i Steòrnabhagh, Oileán Leòdhais.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1999 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Eile | |
Uimhir teileafón | +44 1851 700880 |
Suíomh gréasáin | http://www.storlann.co.uk |
Acmhainní agus Tionscadail
cuir in eagar- Ceàrd an Sgrìobhaiche
- Dealbh-chluichean - drámaí Gaelacha i bhformáid PDF le haghaidh cainteoirí líofa san ardscoil, mar shampla Ri Aghaidh na Creig le Maoilios Caimbeul, An Taghadh le Iain Mac a' Ghobhainn nó Bòrd do Deichnear le Dòmhnall Iain MacÌomhair
- Eadar Dà Sgeul - cnuasach gearrscéalta do dhaltaí Gaeilge san ardscoil, tá cuid de na scéalta ar fáil mar chomhaid fuaime nó sruthú.
- Fo Bhruid (fuadaithe) - athchruthú scéal cáiliúil Robert Louis Stevenson, Kidnapped, le Torcuil Crichton
- Giglets Gàidhlig - leabhair chlasaiceacha chlúiteacha athchruthaithe do léitheoirí an lae inniu, mar shampla Macbeth le William Shakespeare, Dracula le Bram Stoker nó Am Bann Breac (Scéalta Sherlock Holmes) le Arthur Conan Doyle
- Mar a chuala mise e
- Na Lochlannaich
- Sgeulachd Seònaid NicLachlainn. Cartlann. Beathaisnéis agus amhráin Seasaidh NicLachlainn.
An t-Alltan (An tAltán)
cuir in eagarEagraíonn an Stòrlann comhdháil gach bliain do mhúinteoirí Gàidhlig, An t-Alltan. Tugann An t-Alltan deis do mhúinteoirí teacht le chéile, breathnú ar thionscnaimh nua teagaisc agus foghlama. Beidh sraith léachtaí agus ceardlann ann a bheidh nasctha le hacmhainní atá díreach le feiceáil nó atá beartaithe ag an Stòrlann.