Úrscéal eachtraíochta staire leis an údar Albanach Robert Louis Stevenson is ea An Fuadach (nó Kidnapped i mBéarla).

WD Bosca Sonraí LeabharAn Fuadach
(en) Kidnapped Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarRobert Louis Stevenson Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Albainis, Béarla agus Gaeilge na hAlban Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1886 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCassell & Co
Tréith
Príomhábhardílleachta agus Marú na hApainn Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal eachtraíochta, Úrscéal stairiúil, ficsean agus litríocht do pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaAlbain Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Uimhir OCLC43167976 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú Leabharlann ComhdhálaPR5484 .K5 2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: kidnapped0000stev

In 1836 a foilsíodh an leabhar, agus suitear an scéal thart timpeall ar dhúnmharú a tharla i mBaile a' Chaolais i nGarbhchríocha na hAlban tar éis éirí amach na Seacaibíteach san 18ú hAois.

1886 lch 12

An scéal cuir in eagar

 
1886 lch 117
 
1886 lch 35

Pléann An Fuadach le scéal Dháithí (nó Dáibhí) Balfúr, dílleacht agus fear óg. Tá a uncail, Eibinéasar, ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin.

Chuireann Dáithí aithne de thimpiste ar an Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhairt (nó Alan Breck Stewart i mBéarla) le linn dhúnmharú Chailein Chaimbéil in Apainn, nó Marú na hApainn mar a tugadh ar an eachtra[1]. Téann Dáithí ar a theitheadh in éineacht le Ailean.

Is é cairdeas Dháithí leis an claimhteoir Seacaibíteach a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.

Tábhacht Liteartha cuir in eagar

Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh[2]. Agus aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson,

D’éirigh go maith le An Fuadach nuair a foilsíodh é, ach thit sé i léig tar éis bhás an údair, agus ba mar “scéal eachtraíochta do bhuachaillí” a aithníodh é go dtí gur bhain sé aitheantas níos forleithne amach sa 20ú haois.

Foilsíodh Catriona in 1893 mar aguisín le scéal An Fuadach. Úrscéal rómánsach atá ann agus níor éirigh chomh maith leis is a d’éirigh le An Fuadach.

 
1886, lch 130

Aistriúcháin Gaeilge cuir in eagar

is é Leon Ó Broin a d'aistrigh An Fuadach go Gaeilge (Oifig an tSoláthair, 1931).

D'aistrigh Darach Ó Scolaí an t-úrscéal, foilsithe ag Leabhar Breac, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth[3].

Tagairtí cuir in eagar

  1. teideal="Appin">"18th Century murder conviction 'should be quashed'". The Daily Telegraph.
  2. leabharbreac.com. "An Fuadach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-25. Dáta rochtana: 2018.
  3. leabharbreac.com. "An Fuadach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-25. Dáta rochtana: 2018.

Naisc sheachtracha cuir in eagar