Stephen Roche
Ba Stephen Roche an t-aon Éireannach riamh a bhuaigh an rás rothaíochta, an Tour de France ar an 26 Iúil 1987.[1] Rugadh Stephen Roche, ar an 28 Samhain 1959 i nDún Droma, i mBaile Átha Cliath.
Tour de France
cuir in eagarAg deireadh an tséasúir rothaíochta i 1986 agus an Tour buaite cúig huaire aige, thug Bernard Hinault le fios go raibh sé lena rothar a fhágáil le claí agus le dul ag feilméaracht sa mBriotáin,[2] áit ar tógadh é. I dtús na bliana dár gcionn goineadh an seaimpín reatha, Greg Lemond, de thimpiste agus é ag foghlaeireacht agus nuair a bhuaigh Stephen Roche an Giro, tosaíodh ag tuairimíocht go raibh an seans ann go dtabharfadh sé an Tour leis freisin – rud nach raibh déanta ach ag Hinault, Eddy Merckx, Faustino Coppi agus ag Jacques Anquetil.
Bhí coimhlint ghéar idir Roche agus Pedro Delgado le linn Tour na bliana 1987. Ceathracha soicind farasbarr a bhí ag Roche ar a chéile comhraic nuair a cuireadh críoch leis an rás ar na Champs Élysées tar éis trí seachtaine rásaíochta.
Léim Stephen Roche ar a rothar i Creteil ar an Domhnach ar an 26 Iúil 1987 agus a fhios aige go mbeadh sé ar an gcéad Éireannach a bhuaigh an Tour de France nuair a shroichfeadh sé Páras a bhí 119k uaidh. Léim Charlie Haughey ar bord eitleáin i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ansin roimhe.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2019-07-26.
- ↑ "‘In ainm an Athar, an Mhic agus an Spiorad Naomh. Fair play do Stephen Roche…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-07-26.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |