Steve Bannon

gníomhaí den eite dheas agus polaiteoir Meiriceánach

Gníomhaí den eite dheas agus polaiteoir Meiriceánach is ea Stephen Kevin "Steve" Bannon, a rugadh ar 27 Samhain 1953. Bhí sé i gceannas ar Breitbart News go dtí 2018, suíomh idirlín den dú-eite dheas.[1][2][3][4][5][6][7]

Infotaula de personaSteve Bannon

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Stephen Kevin Bannon
Beathaisnéis
Breith27 Samhain 1953
70 bliana d'aois
Norfolk, Virginia Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir don Uachtarán
20 Eanáir 2017 – 18 Lúnasa 2017
← John Podesta
White House Chief Strategist (en) Aistrigh
20 Eanáir 2017 – 18 Lúnasa 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Ghnó Harvard - Máistreacht sa Riarachán Gnó (1983–1985)
Ollscoil Harvard
An Ardscoil Bheinidicteach
Virginia Tech (en) Aistrigh - céim bhaitsiléara (–1976)
Walsh School of Foreign Service (en) Aistrigh - céim máistreachta
Virginia Tech College of Architecture and Urban Studies (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht, eolaíocht pholaitiúil agus gnó
Gairmléiritheoir scannáin, eolaí polaitiúil, baincéir, baincéir infheistíochta, pearsa raidió, sainchomhairleoir, scríbhneoir scripte, straitéisí, stiúrthóir scannán, polaiteoir, poiblitheoir, comhairleoir polaitíochta, fiontraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1976 –
FostóirDonald Trump 2016 presidential campaign (en) Aistrigh (2016–2016)
Bannon & Co. (en) Aistrigh (1990–1998)
Goldman Sachs (1984–1990)
Cabhlach na Stát Aontaithe (1976–1983)
Breitbart News (en) Aistrigh (–2016)
We Build The Wall (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleatalieutenant commander (en) Aistrigh
leifteanant Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMary Piccard (1995–1997)
Cathleen Houff (luach anaithnid–luach anaithnid)
Diane Clohesy (luach anaithnid–2009) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0052442 Rottentomatoes: celebrity/steve_bannon_2 Cuir in eagar ar Wikidata
Bannon, 2010

2016 cuir in eagar

Roimh an chéad phost polaitiúil, bhí Bannon i gceannas ar Breitbart News, a chuir sé síos air sa bhliain 2016 mar "an t-ardán don alt-right".

Bhí Bannon ina phríomhfheidhmeannach ar fheachtas uachtaránachta Donald Trump sa bhliain 2016.[8][9] I ndiaidh an toghcháin, d'fhógair sé go n-éireofadh sé as a phost ag Breitbart.[10]

Teach Bán, 2017 cuir in eagar

Ar an 28 Eanáir 2017, ceapadh Bannon ina Phríomh-straitéisí don Uachtarán Donald Trump[11] sa Teach Bán faoi Donald Trump. I gcáil an phoist seo, d'fhreastail Bannon go rialta ar Choiste na bPríomhaithe de Chomhairle Náisiúnta um Éigeandála na Stát Aontaithe.[12]

Thug Trump bata agus bóthar dó ar an 18 Lúnasa 2017. Thuairiscigh an New York Times gur dhíbir an tUachtarán féin ón Teach Bán Bannon, mar gheall ar an nasc atá aige is cosúil le grúpaí atá go mór ar an eite dheis. Ach dúirt Bannon gurb é fhéin a d'éirigh as.

2021-2022 cuir in eagar

Tugadh ruathar faoi Theach na Parlaiminte i Washington D.C. in Eanáir 2021 agus é curtha i leith lucht tacaíochta Donald Trump go ndearna siad iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta a chur ar neamhní.

Ar 22 Iúil 2022, fuarthas Bannon ciontach i 2 chúis bainteach le dímheas a léiriú do Theach na Comhdhála. Bhí dlúthbhaint aige le hiar-Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump sna cúiseanna gur dhiúltaigh sé fianaise nó cáipéisí a chur ar fáil do choiste roghnach i dTeach na nIonadaithe.[13]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar