Supermac's
Sreang bialann mearbhia is ea Supermac's in Éirinn. Osclaíodh an chéad bhialann sa bhliain 1978 i bpríomhshráid Bhéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe.[1] Tá breis agus 100 bialann de chuid na sreinge in Éirinn anois,[2]. go háirithe i nGaillimh. Díolann Supermac's mearbhia den chuid is mó: sceallóga, burgair, píotsa, iasc, sicín, uachtar reoite, creatháin bhainne, caoineoga is araile.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gnó |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1978 |
Bunaitheoir(í) | Pat McDonagh |
Suíomh gréasáin | supermacs.ie |
Tá ceannoifig Supermac's i bPáirc Ghnó Bhaile an Bhriotaigh i mBaile an Bhriotaigh, Contae na Gaillimhe.[3]
Stair
cuir in eagarIs é Pat McDonagh, iarmhúinteoir, a bhunaigh an comhlacht agus a bhí mar ardfheidhmeannach uirthi. Bíonn ionaid mearbhia amuigh ar saincheadúnas ag feidhmiú acu,le go leor freisin faoi úinéireacht phríobháideach.
D'fhreastail Supermac's ar 320,000 custaiméir in 2013 ar an meán in aghaidh na seachtaine[4] agus bhí ioncam bliantúil €80 milliún aige agus brabús € 7.4 milliún de réir a thuarascála sa bhliain 2013. [5]
Conspóid
cuir in eagarAr an 5 Meitheamh 2024, bhí glactha ag an Chúirt is airde san Aontas Eorpach le gearán ó Supermac's ina n-aighneas fhada le McDonald's maidir le húsáid an 'Big Mac' mar thrádmharc. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa nach ceadmhach do McDonald's an trádmharc a úsáid i gcás táirgí éineola.[6]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "About - Ballinasloe Official Town Website".
- ↑ Gnóthaí corparáideacha
- ↑ "Supermac's HQ".
- ↑ "Minister congratulates Supermac's commitment to Irish farmers Agriculture, Ireland, news for Ireland, Agriculture, Food and Drink, Ireland".
- ↑ "Supermacs on Top1000.ie".
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-05). "Cás ainm 'Big Mac' buaite ag Supermac's in aghaidh McDonald's" (as ga-IE).